Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012

Wednesday, 18 July 2012

Ceisteanna (27, 28)

Dessie Ellis

Ceist:

16 D’fhiafraigh Dessie Ellis den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid cruinniú a bhí ag na coistí ardfheidhmeannach atá ag comhordú chur chun cinn na Straitéise Fiche Bliain ón am deireanach ar thóg sé ceisteanna Gaeltachta agus cén dul chun cinn atá déanta. [35033/12]

Amharc ar fhreagra

Willie O'Dea

Ceist:

27 D’fhiafraigh Willie O’Dea den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na cruinnithe atá i gceist a bheith aige leis an Roinn Oideachais mar gheall ar an nGaeilge a mhúineadh ag an gcéad leibhéal agus an dara leibhéal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35392/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 16 agus 27 le chéile.

Tá struchtúir ar leith bunaithe chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear Coiste Rialtais, grúpa oifigeach sinsearach, grúpa idir-Rannach agus grúpaí ardleibhéil.

Maidir leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach air, bhí an cruinniú deireanach den Choiste sin ar an 5 Meitheamh agus beidh an chéad chruinniú eile ann amárach. Mar a bheifí ag siúl leis, bíonn cúrsaí oideachais faoi chaibidil ag an gCoiste Rialtais ó thráth go céile.

Maidir leis an nGrúpa Idir-Rannach atá ag feidhmiú faoi mo chathaoirleacht, bhí an cruinniú deireanach den ghrúpa sin ar an 27 Meitheamh chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa Straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite.

Chomh maith leis na grúpaí sin, tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den Straitéis. Eagraítear cruinnithe de na grúpaí oibre sin, de réir mar is gá. Mar shampla, bhí an cruinniúdeireanach den ghrúpa oibre ardleibhéil idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an 5 Meitheamh.

Barr
Roinn