Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Múnla Nua Maoinithe

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012

Wednesday, 18 July 2012

Ceisteanna (40)

Martin Ferris

Ceist:

34 D’fhiafraigh Martin Ferris den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén próiseas atá ar intinn aige chun cuí-chóiriú a dhéanamh ar na heagrais bhunmhaoinithe faoi scáth Fhoras na Gaeilge. [35024/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is é Foras na Gaeilge atá i mbun na hoibre a bhaineann le cuíchóiriú a dhéanamh ar a chuid eagraíochtaí bunmhaoinithe. Tá an obair seo ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi réir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Ag an gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 9 Iúil 2012, rinne Foras na Gaeilge cur i láthair don Chomhairle inar tugadh léargas ar an dul chun cinn maidir le múnla nua maoinithe a fhorbairt. Nótáil an Chomhairle go bhfuair Foras na Gaeilge 167 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a chríochnaigh i mí Aibreáin 2012. Nótáil an Chomhairle fosta plean athbhreithnithe forfheidhmiúcháin don athbhreithniúó Fhoras na Gaeilge. Iarradh ar Fhoras na Gaeilge moltaí críochnaitheacha maoinithe a chur ar fáil ag an gcéad chruinniú eile teanga de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Mar a cuireadh in iúl cheana, tá maoiniú eatramhach ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas do na heagraíochtaí bunmhaoinithe go dtí an 30 Meitheamh 2013.

Barr
Roinn