Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oifigí Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 September 2012

Tuesday, 18 September 2012

Ceisteanna (1387)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1387. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta; Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist an oifig talmhaíochta atá ag a Roinn i gCathair na Gaillimhe a bhogadh go Baile Átha an Rí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [37898/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar Oifig na nOibreacha Poiblí atá an mhórfhreagracht cóiríocht a sholáthar do mo Roinnse. In athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an gcostas a bhain le cóiríocht agus ar na roghanna atá ann maidir le malairt áitribh shocraigh an OPW briseadh ón gconradh reatha. Dá réir sin, tá mo Roinnse ag obair leis an OPW chun socruithe nua a dhéanamh d’fhoireann Oifig Réigiúnach na Gaillimhe agus beidh aon chinntí a ghlactar bunaithe ar a riachtanais-san sa ghearrt éarma agus sa bhfadtéarma. Táimid faoi láthair ag déanamh measúnaithe ar an bhféadfadh go bhfuil malairt cóiríochta ar fáil i bhfoirgneamh na Roinne Cosanta ar an Rinn Mhór, Gaillimh agus i gColáiste Mhaoilíosa, Baile Átha an Rí araon.

Barr
Roinn