Éamon Ó Cuív
Ceist:926. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth nach raibh cruinniú ann den Choiste Monatóireachta do na seirbhísí farantóireachta chuig Oileáin Árann le sé mhí anuas; cén uair a bheidh an chéad chruinniú eile den choiste ann; agus an bhfuil sé i gceist go mbeidh cruinniú gach sé mhí ann as seo amach. [37777/12]
Amharc ar fhreagra