Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Regional Aid

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 November 2012

Tuesday, 13 November 2012

Ceisteanna (448)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

448. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a íocfar deontas Leader le grúpa (sonraí tugtha) atá ag fanacht le híocaíocht le bliain, údar na moille leis an deontas seo a íoc; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49689/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinneadh Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), an grúpa a bhí fostaithe ag mo Roinnse le hAiseanna 3 & 4 (LEADER) den Chlár um Fhorbairt Tuaithe (RDP) i gceantair Ghaeltachta, a leachtú an 7 Meán Fómhair 2011. Tá dul chun cinn á dhéanamh ar bhonn leanúnach maidir leis an bpróiseas lena fhoirceannadh ó thaobh an dlí.

Tá Grúpaí Gnímh Áitiúla i gceantair chóngaracha tíreolaíochta fostaithe le córas eatramhach a chur i bhfeidhm chun íocaíocht deontas le tionscadail a bhí ag céim tosaigh forbartha a éascú. Tá go leor de na comhaid tionscadail seo anois seolta chuig na Grúpaí Gnímh Áitiúla iomchuí atá ag déanamh teagmhála leis na tionscnóirí go díreach chun íocaíocht a éascú nuair is cuí. Tá athbhreithniú iomlán le déanamh ag na Grúpaí Gnímh Áitiúla ar chomhaid tionscadail mar chuid den phróiseas sin agus d’fhéadfadh go nglacfadh sin roinnt ama.

Tá roinnt saincheisteanna tugtha ar aird ag Cuideachta Forbairt Áitiúil Dhún na nGall, an cuideachta atá anois ag feidhmiú na gcomhad a bhí ag MFG roimhe seo i nDún na nGall, maidir le cáipéisíocht i roinnt de na comhaid atá sannta don Ghrúpa, lena n-áirítear GAE000188, an comhad dá dtagraítear sa cheist. Tá mo Roinnse ag obair i gcomhar le Cuideachta Forbairt Áitiúil Dhún na nGall chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a tugadh faoi deara chomh luath agus is féidir le súil is seachadadh éifeachtach ar mhaoiniú RDP a chinntiú nuair is iomchuí.

Barr
Roinn