Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Deontais Leader

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 November 2012

Tuesday, 13 November 2012

Ceisteanna (449)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

449. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén uair a thosnófar ar dheontais Leader a cheadú sna ceantair éagsúla a bhí faoi Mheitheal Forbartha na Gaeltachta cheana, údar na moille, cén uair a íocfar deontais a bhí ceadaithe nuair a leachtaíodh MFG agus nach bhfuil íoctha fós, cén t-údar atá leis an moill sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49690/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Rinneadh Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), an grúpa a bhí fostaithe ag mo Roinnse le hAiseanna 3 & 4 (LEADER) den Chlár um Fhorbairt Tuaithe (RDP) i gceantair Ghaeltachta, a leachtú an 7 Meán Fómhair 2011. Tá dul chun cinn á dhéanamh ar bhonn leanúnach maidir leis an bpróiseas lena fhoirceannadh ó thaobh an dlí.

Tá Grúpaí Gnímh Áitiúla i gceantair chóngaracha tíreolaíochta fostaithe le córas eatramhach a chur i bhfeidhm chun íocaíocht deontas le tionscadail a bhí ag céim tosaigh forbartha a éascú. Tá go leor de na comhaid tionscadail seo anois seolta chuig na Grúpaí Gnímh Áitiúla iomchuí atá ag déanamh teagmhála leis na tionscnóirí go díreach chun íocaíocht a éascú nuair is cuí. Tá athbhreithniú iomlán le déanamh ag na Grúpaí Gnímh Áitiúla ar chomhaid tionscadail mar chuid den phróiseas sin agus d’fhéadfadh go nglacfadh sin roinnt ama. Tuigimse, áfach, go bhfuil an próiseas seo go maith chun cinn lena chur ar chumas na nGrúpaí Gnímh Áitiúla éilimh incháilithe ó thionscnóirí tionscadail a phróiseáil le deontais a íoc leo.

I gcomhthéacs sheachadadh Aiseanna 3 & 4 (LEADER) den RDP i gceantair Ghaeltachta ar feadh an chuid eile de thréimhse an chláir, tá réiteach fadtéarmach socraithe i ndáil le ceantair Ghaeltachta Chontae na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí agus tá Grúpaí Áitiúla Gnímh ag obair cheana féin le pobail ar an talamh chun seachadadh cistí RDP a éascú.

Cé go bhfuil córas i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar thiomantais atá fós gan íoc i gCo. Mhaigh Eo agus i gceantair Ghaeltachta Iardheisceart Mhaigh Eo tá tuilleadh oibre fós de dhíth chun soláthar a éascú amach anseo sna ceantair eile i gCo. Mhaigh Eo; shamhlóinn go mbeadh réiteach ar sin go luath.

Barr
Roinn