Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na bhFoghlaimeoirí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 December 2012

Thursday, 13 December 2012

Ceisteanna (108, 109)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

108. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén caiteachas a rinneadh ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, cé mhéad dalta ar íocadh deontas ina leith do gach bliain ó 1997 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56084/12]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

109. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén ráta íocaíochta a bhí ann i leith daltaí a d’fhan i dtithe Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ón mbliain 1997 i leith; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56085/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 108 and 109 together.

Tá an t-eolas ata iarrtha ag an Teachta i bhfoirm tábla thíos. Ní miste a lua go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna sa Ghaeltacht agus i dtrí cinn de choláistí cónaithe seanbhunaithe taobh amuigh den Ghaeltacht san áireamh. Tá líon na ndaoine fásta a d’fhreastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht san áireamh freisin.

Maidir leis an ráta íocaíochta, íocadh an ráta céanna deontais i leith foghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna ó 2001 go 2011 agus a íocadh leis na teaghlaigh. Íocadh deontas de €5.00 in aghaidh an lae i leith foghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna i 2012.

Bliain

Líon Foghlaimeoirí

Ráta Deontais

Caiteachas na Roinne

1997

23,709

£4.00

£1,860,288

1998

24,116

£4.40

£2,074,119

1999

23,551

£4.40

£2,023,633

2000

24,104

£5.00

£2,333,586

2001

24,642

£5.50

£2,640,146

2002

25,430

€7.00

€3,466,767

2003

24,859

€8.00

€3,770,117

2004

24,577

€8.00

€3,638,029

2005

25,203

€9.00

€4,260,625

2006

26,645

€9.50

€4,816,150

2007

26,271

€10.50

€5,294,957

2008

28,112

€10.50

€5,593,486

2009

27,443

€10.50

€5,593,458

2010

25,120

€10.00

€4,727,849

2011

24,714

€9.50

€4,446,159

2012

23,840

€9.50

€4,051,424

Barr
Roinn