Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm a rá go raibh ar mo chumas an deontas laethúil céanna a íoc leis na teaghlaigh in 2012 agus a íocadh in 2011. Ag an am céanna, bhí ar mo Roinn, ar nós gach Roinn eile, sábháil a dhéanamh agus rinneadh leasuithe áirithe dá réir ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Laghdaíodh an deontas laethúil i leith foghlaimeoirí a bhí ar iostas i mbrúnna go €5.00 in 2012. Rinneadh sábháil de €180,000 mar thoradh air seo in 2012.
Cé nár laghdaíodh líon na bhfoghlaimeoirí a bhí ceadaithe a bheith ar iostas le teaghlaigh faoin scéim in 2012, níor íocadh deontas ach i leith uasmhéid de 14 foghlaimeoir in aon teaghlach. Tá sé seo ag teacht leis an moladh a rinneadh sa tuarascáil ‘Athbhreithniú ar chóras na gColáistí Samhraidh’ a foilsíodh in 2000. Glactar leis gur fearr a n-éiríonn leis an gcaidreamh idir teaghlaigh agus foghlaimeoirí nuair nach mbíonn líon mór foghlaimeoirí ag fanacht leis an teaghlach. Meastar go raibh sábháil de thart ar €60,000 mar thoradh air seo in 2012.