Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Féilte Traidisiúnta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013

Wednesday, 30 January 2013

Ceisteanna (29)

Michael P. Kitt

Ceist:

29. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil plean aige chun féilte a eagrú sna Gaeltachtaí mar gheall ar Thóstal Éireann, cé méid airgid atá i gceist. [4455/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi mar is eol don Teachta, tá scéim ar leith ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le féilte traidisiúnta sa Ghaeltacht. Maidir le Tóstal Éireann, comhairlítear dom go bhfuil sé i gceist ag an Údarás, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratais i leith féilte sa Ghaeltacht in 2013, béim ar leith a leagan ar imeachtaí a bhfuil sé mar aidhm acu cuairteoirí a mhealladh go hÉirinn mar chuid den Tóstal.

Barr
Roinn