Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 March 2013

Tuesday, 12 March 2013

Ceisteanna (515)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

515. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste, 2012 le duine (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12541/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 ní mór do ghabháltais iarratasóirí incháilithe íos-cheanglais dlús-stoic de 0.15 aonad beostoic ar feadh tréimhse coinneála sé mhí as a chéile a chomhlíonadh, chomh maith le meánmhéid bliantúil de 0.15 aonad beostoic a choimeád, arna ríomh thar an dá mhí dhéag de bhliain na scéime. De bharr nach bhfuil sé léirithe fós ag an iarratasóir go sásaíonn an gabháltas íos-cheanglais dlús-stoic na scéime faoi láthair, níl aon íocaíocht dlite i ndáil le Scéim 2012.

Barr
Roinn