Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coimisiún Logainmneacha

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 April 2013

Thursday, 18 April 2013

Ceisteanna (162, 163)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

162. Deputy Éamon Ó Cuív asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a cheapfar Príomh-Oifigeach Logainmneacha nua, na cáilíocthaí gairmiúla a bhainfidh leis an bpost seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18159/13]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

163. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid oifigeach gairmiúil logainmneacha atá fostaithe i mBrainse na Logainmneacha den Roinn agus an bhfuil i gceist an líon sin a choinneáil mar atá sé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18160/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 162 agus 163 le chéile.

Ceapadh Príomhoifigeach Cúnta i mo Roinnse ar na mallaibh chun déileáil le réimse gníomhaíochtaí ó thaobh na Gaeilge de, lena n-áirítear na feidhmeanna a bhíodh ag an bPríomhoifigeach Logainmneacha. Faoi láthair, tá beirt Ardoifigeach Logainmneacha agus Oifigeach Logainmneacha amháin fostaithe sa Roinn agus iad ag plé le clár oibre ar leith. Níl aon phlean ann an líon oifigeach seo a laghdú amach anseo. Mar a thuigfidh an Teachta, tá mo Roinnse ag feidhmiú faoi réir an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.

Barr
Roinn