Rinneadh íocaíocht i ndáil le Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 sa chás seo an 26/9/2012. Rinneadh an réamh-íocaíocht i ndáil le Scéim na hAoníocaíochta an 16/10/2012, agus íocadh an fuílleach an 3/12/2012.
Fuair scrúdú Tras-Chomhlíonta ina dhiaidh sin, áfach, sáruithe maidir le níotráití, eallaigh agus caoirigh a aithint agus a chlárú, agus riachtanais maidir le sláinteachas bia agus leas ainmhithe. Mar thoradh air sin, tá pionós 5% cláraithe in aghaidh íocaíochtaí 2012 an iarrthóra. Táthar i mbun an méid sin a chur in iúl don iarrthóir, chomh maith leis an gceart atá aige/aici athbhreithniú a iarraidh agus an ceart achomharc a dhéanamh ar athbhreithniú den sórt sin, in am trátha, chuig an Oifig Achomharc Talmhaíochta neamhspleách.