Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna (1, 5)

Seán Ó Fearghaíl

Ceist:

1. D'fhiafraigh Deputy Seán Ó Fearghaíl den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé riachtanach pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26306/13]

Amharc ar fhreagra

Peadar Tóibín

Ceist:

5. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta, i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, struchtúr ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus eagraíochtaí pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta, trína bhféadfar moltaí a dhéanamh sula gcuirfear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad. [26480/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (18 píosaí cainte)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 1 agus 5 le chéile.

Sa chaoi is gur féidir linn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach, níl amhras dá laghad orm ach go bhfuil sé riachtanach go mbeidh ról lárnach ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa phróiseas sin. Ar ndóigh, tá an ról sin aitheanta go sonrach in Acht na Gaeltachta 2012 a leagann bunús reachtúil faoi fheidhmiú na Straitéise agus faoin phróiseas pleanála teanga ach go háirithe. Mar thoradh ar Acht na Gaeltachta, tá ról níos lárnaí ná riamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus ag na heagraíochtaí pobail a fheidhmíonn thar a gceann, i gcur i bhfeidhm na Straitéise tríd an phróiseas pleanála teanga ar an talamh.

Chomh fada is a bhaineann sé leis an Ghaeltacht, tá aitheantas ar leith tugtha sa Straitéis don ról faoi leith atá á imirt le fada an lá ag pobal na Gaeltachta agus ag na heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Le cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta, déanfar ról an phobail sa Ghaeltacht a threisiú tuilleadh, chomh maith le ról na n-eagraíochtaí pobail a fheidhmíonn thar a gceann, le tacaíocht phraiticiúil ó mo Roinnse, ó Údarás na Gaeltachta agus ó fhoinsí Stáit eile. Sa chomhthéacs sin, tá obair ullmhúcháin ar bun ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis na heagraíochtaí pobail chun cabhrú leo pleananna teanga a ullmhú sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

Chomh fada is a bhaineann sé leis an chuid eile den tír, níl aon amhras ann ach go bhfuil raon d'eagraíochtaí thar a bheith gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne, le tacaíocht phraiticiúil ó mo Roinnse, ó Fhoras na Gaeilge agus ó fhoinsí Stáit eile. Tá a gcuid oibre siúd thar a bheith tábhachtach agus muid ag iarraidh cuspóirí na Straitéise a bhaint amach ar bhonn náisiúnta. Tá obair ullmhúcháin ar bun ag Foras na Gaeilge, i gcomhar le heagraíochtaí pobail áirithe taobh amuigh den Ghaeltacht, chun cabhrú leo pleananna teanga a ullmhú i gceantair ar leith.

Additional information not given on the floor of the House

Ós rud é go gcreidim go láidir gur chóir go mbeadh ionchur ag na heagraíochtaí pobail i gcur i bhfeidhm na Straitéise, tá sé beartaithe ag mo Roinnse, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, seimineár a reáchtáil don chuspóir seo go luath. Tá súil agam go gcuideoidh sé seo le malartú eolais faoin Straitéis a éascú idir mo Roinn, an tÚdarás agus an Foras, agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tabharfaidh an seimineár deis an próiseas pleanála teanga a phlé leis na heagraíochtaí seo fosta. Beidh mé ag tnúth leis na tuairimí uile a thiocfaidh ón seimineár a mheas i dtráth cuí.

Déanfaidh mé mo dhícheall gan an iomarca ama a thógáil. Tá mé ag seasamh isteach don Teachta Kitt, atá as láthair inniu. Glacann chuile duine go bhfuil an tAire Stáit tógtha go hiomlán leis an Ghaeilge. Níl aon amhras orm ina thaobh agus ní dóigh liom go bhfuil amhras ar bith ar éinne eile. Tá amhras mór ar mhuintir na tíre mar gheall ar cé chomh tógtha atá an Rialtas leis an teanga, áfach. Is í sin an fhadhb leis an straitéis. Feiceann daoine go bhfuil lagú ag teacht ar an straitéis ón am á tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Is í sin an deacracht. Cé go n-admhaíonn an tAire Stáit go bhfuil muintir na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach, mar an gcéanna leo siúd lasmuigh den Ghaeltacht ag a bhfuil suim acu sa teanga, níl struchtúr ardleibhéal ar bith ar fáil dóibh ionas go mbeidh tionchar acu ar na húdaráis atá ann faoi láthair. Is í sin an deacracht is mó. Impím ar an Aire Stáit rud éigin a dhéanamh faoi sin chomh luath agus is féidir leis.

Ní aontaím leis an Teachta a chor ar bith. Tá an Rialtas lán-dáiríre maidir leis an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm. Tá sé luaite go sonrach i bplean an Rialtais le haghaidh an tréimhse amach romhainn - an plean atá aontaithe idir an dá phairtí sa Rialtas - go bhfuilimid go hiomlán taobh thiar de chur i bhfeidhm na straitéise chomh fada agus is féidir. Ar ndóigh, tá struchtúr ar fáil. Tagann an fochoiste Rialtais, atá ag tiomáint na straitéise ar aghaidh, le chéile go rialta faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Tá na Ranna go léir páirteach sa choiste idir-rannach ar a bhfuil mé féin mar chathaoirleach. Tá na Ranna sonracha - an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, srl. - páirteach san fhochoiste. Is cinnte go bhfuil se ag dul ar aghaidh. Tá Acht na Gaeltachta curtha fríd. Táimid anois ag déanamh na rialacháin maidir le cur i bhfeidhm na ceantair pleanála teanga agus foilseofar iad gan mhoill.

Caithfidh an tAire Stáit glacadh leis nach bhfuil na heagrais Gaeilge timpeall na tíre sásta le rudaí mar atá siad. Níl siad sásta leis an gcóras atá ann dóibh chun teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis. Cad é an uair is déanaí ar tháinig an fochoiste faoi choimirce an Taoisigh le chéile? Cé chomh minic a thagann sé le chéile chun déileáil leis na gnéithe seo?

Bhí an cruinniú deiridh den fhochoiste i mí Aibreáin seo caite. Níl an dáta cruinn agam. Sílim go mbeidh an chéad chruinniú eile ar 24 Meitheamh - an mhí seo atá buailte linn. Mar a dúirt mé, tá sé ag teacht ar aghaidh.

Aontaím go bhfuil jab le déanamh ag na heagraíochtaí Gaeilge. Bhí mé mar bhall de an-chuid eagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anuas. I mo thuairim, ní thiocfaidh an lá choíche ina mbeidh na heagraíochtaí sin 100% sásta leis an obair atá ar siúl againn. Is é an jab atá le déanamh acu ná bheith ag gríosadh, ag brú agus ag tabhairt amach. Cuirim fáilte roimh an méid ata le rá ag na heagraíochtaí Gaeilge.

Gabh mo leithscéal, but the Minister is taking two questions together.

That is correct. We are taking Questions Nos. 1 and 5 together.

Mar is eol do chách, le dhá bhliain anuas tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre tar éis saghas ionsaithe uafásach a dhéanamh ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar institiúidí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá Acht na Gaeltachta 2012 cáinte ag beagnach gach eagraíocht Ghaeilge sa tír; tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Oifig an Choimisinéara Teanga, Údaras na Gaeltachta, atá tar éis ciorruithe buiséid a ghlacadh, Raidió na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Foras na Gaeilge ar an liosta fada. Tá easpa daonlathais san údarás anois. Táimid fós ag fanacht leis na pleananna teanga. Tá a fhios agam nach bhfuil na hacmhainní ann. Tá na deontais bainte os na hábhair oidí. Tá deireadh curtha le scéim labhairt na Gaeilge. Tá maoiniú na heagraíochtaí Gaeilge fós ard san aer ag an bomaite. Tá easpa seirbhísí Gaeilge ag go leor Ranna agus comhlachtaí Stáit. Tá moill fhada ar aontú scéimeanna teanga na heagraíochtaí Stáit. Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an Acht críochnaithe le breis agus bliain, ach fós níl na torthaí le fáil. Conas is féidir leis an Aire Stáit obair le hurlabhraí na n-eagraíochtaí ata á mbagairt agus á gcur faoi bhrú aige? Chonaiceamar é sin i gcás Guth na Gaeltachta cúpla mí ó shin. Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit sásta na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta - is léir an luach, an t-ábhar agus an fuinneamh atá acu - a aithint mar gheallshealbhóirí i gcur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain? Oibríonn an Rialtas leis na ceardchumainn san earnáil phoiblí i gcónaí. Tá ról lárnach ag na heagraíochtaí a bhaineann le cúrsaí feirmeoireachta sa phlean forbartha Harvest 2020. Tá an Rialtas ag fágáil na heagraíochtaí Gaeilge amuigh sa bhfuacht ag an bomaite.

Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Feargháil, tá teagmháil rialta agam leis na heagraíochtaí Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeltachta. Tá mé i mo chónaí i gceartlár na Gaeltachta. Buaileann mé le muintir na Gaeltachta i mo dháilcheantar féin agus ar fud na tíre chomh minic agus is féidir liom. Níl mí ar bith nach dtugaim cuairt ar Ghaeltacht éigin ar fud na tíre. Tuigim go maith cad atá ag dul ar aghaidh sna Gaeltachtaí. Bíonn cruinnithe rialta agam leis na heagraíochtaí atá ag plé le cúrsaí Gaeilge. Creidim go láidir gur chóir go mbeadh ionchur ag na heagraíochtaí pobail i gcur i bhfeidhm na straitéise. Tá sé beartaithe agam i mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, seimineár a reáchtáil gan mhoill do na heagraíochtaí Gaeilge agus na Ranna go léir. Tá sé ar intinn agam é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Más féidir liom é a dhéanamh roimh an samhradh, déanfaidh mé é sin. Ba mhaith liom fáil amach cad iad na tuairimí, na moltaí agus na smaointe atá ag na heagraíochtaí seo, iad a thabhairt le chéile agus éisteacht leis an méid atá le rá acu. Má shílim go bhfuil moltaí fiúntacha ag teacht ar aghaidh ón seimineár, beidh me sásta gníomhú dá réir. Táimid ag iarraidh gach duine - na heagraíochtaí, muintir na Gaeltachta agus an pobal i gcoitinne - a thabhairt linn. Tá súil agam go rachfaidh muid ar aghaidh le chéile, níos aontaithe ná riamh, mar thoradh ar an seimineár agus cuspóirí na straitéise a chur i bhfeidhm.

Níl seimineár maith go leor d'éinne, i ndáiríre. Níl na heagraíochtaí Gaeilge sásta ar chor ar bith le seimineár. Iarraim ar an Aire Stáit an seans seo a thógáil. Ní gá go mbeimid á shéanadh aige nuair a chuirimid ceisteanna air. Ba cheart dó éisteacht linn. Ba cheart don Rialtas a chur chuige a athrú agus na heagraíochtaí Gaeilge a scaoileadh isteach mar gheallshealbhóirí lárnacha sa straitéis 20 bliain. Iarraim ar an Aire Stáit smaoineamh ar an mholadh sin agus meon oscailte a choimeád. Is luach iontach iad na heagraíochtaí. Tá fuinneamh iontach acu. Ba cheart go mbeadh an tAire Stáit i bhfad níos oscailte, seachas a rá go bhfuil an doras dúnta-----

Níl ach noiméad amhaín fágtha.

-----agus go rachfaimid go léir abhaile nuair atá an seimineár críochnaithe leis an mbóthar céanna á leanúint againn. Déanann na heagraíochtaí seo ionadaíocht ar son daoine ó gach cearnóg den tír seo. Impímid ar an Aire Stáit éisteacht leo agus iad a ligean isteach chun cabhair a thabbhairt dó. Níl a fhios agam cén fáth a bhfuil an doras faoi ghlas aige.

Níl an doras faoi ghlas - tá sé oscailte go hiomlán do na heagraíochtaí Gaeilge lá i ndiaidh lae. Is minic a bhuailim leo go hoifigiúil agus go neamhoifigiúil. An deireadh seachtaine seo caite, bhuail mé le go leor acu ag cruinniú an Choimisinéara Teanga anseo i mBaile Átha Cliath. Mar a dúirt mé, beidh siad go léir ag an seimineár agus éisteoidh mé arís leis an méid atá le rá acu. Ní bheidh m'intinn dúnta má mholann siad struchtúr eile a chur ar fáil - beidh m'intinn oscaite. Tá mé ag déileáil le cúrsaí Gaeilge i rith mo shaoil. Má táimid chun struchtúirí agus struchtúirí eile a chur ar bun, sa deireadh thiar thall b'fhéidir go mbeidh níos mó struchtúirí Gaeilge ná cainteoirí dúchais sa tír.

I apologise for causing that little mix-up. I was not aware that the two questions were being taken together.

We will forgive the Acting Chairman on this occasion.

Barr
Roinn