Molaim ceisteanna Uimh. 13, 40 agus 42 a fhreagairt le chéile.
Mar is eol do na Teachtaí, cuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil i gcás 19 n-eagraíocht Ghaeilge, lena n-áirítear 12 eagraíocht atá ag feidhmiú go príomha sa dlínse seo agus 7 n-eagraíocht atá ag feidhmiú go príomha ó thuaidh. Le linn 2008, chuir Foras na Gaeilge tús le hathbhreithniú seachtrach ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe sa chomhthéacs go raibh 40%, nó €8m, de bhuiséad Fhoras na Gaeilge á chaitheamh ar na heagraíochtaí seo agus go raibh 50% den allúntas sin á chaitheamh ag na heagraíochtaí bunmhaoinithe ar thuarastail amháin. Léirigh an t-athbhreithniú seachtrach neamhéifeachtúlachtaí leis an chóras a bhí i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, shocraigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in 2009 gur chóir an t-athbhreithniú a chur i gcrích chun tairbhí suntasacha a bhaint amach maidir le luach ar airgead agus maidir le seachadadh éifeachtach dhualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge. Ó shin i leith, tá múnlaí éagsúla maoinithe á mbreithniú ag Foras na Gaeilge i gcomhar leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe, le páirtithe leasmhara eile agus leis an phobal i gcoitinne trí na próisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh sa dá dhlínse.
Ní miste a nótáil gur aontaigh an Chomhairle Aireachta síneadh a chur leis na socruithe reatha bunmhaoinithe i rith an ama seo. San am i láthair, tá cinneadh tógtha ag an Chomhairle Aireachta go leanfaidh na socruithe reatha bunmhaoinithe go dtí an 31 Nollaig 2013.
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta ar an 6 Márta 2013, aontaíodh go gcuirfí pleananna chun cinn chun múnla nua maoinithe a thabhairt isteach, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.
Dá réir sin, tá mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge ar mhaithe le moltaí críochnúla a chur faoi bhráid chruinniú den Chomhairle Aireachta atá socraithe don mhí seo chugainn.
Tuigfidh na Teachtaí nach mbeadh sé cuí dom labhairt faoi na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag aon mhúnla nua maoinithe d'eagraíochtaí ar leith, nó do chúrsaí fostaíochta sna heagraíochtaí bunmhaoinithe, go dtí go mbeidh an cheist uile cíortha ag an Chomhairle Aireachta an mhí seo chugainn.