Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna (20)

Jonathan O'Brien

Ceist:

20. D'fhiafraigh Deputy Jonathan O'Brien den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bhí an cruinniú deireanach ag an gCoiste Feidhmiúcháin atá freagrach as an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, cé chomh minic a tháinig siad le chéile le bliain anuas, cén dul chun cinn atá déanta ag an gcoiste sin; cén teanga oibre a úsáidtear sna cruinnithe [26256/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a leagtar amach polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Sa chomhthéacs seo, tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh.

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt don Choiste Rialtais ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air. Tionóladh an cruinniú is déanaí den Choiste Rialtais seo ar an 15 Aibreán 2013 agus táthar ag súil an chéad chruinniú eile a reáchtáil go luath. Bhí 3 chruinniú ag an Choiste Rialtais seo le linn na bliana 2012. Déanann an Coiste Rialtais ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht maoirseacht ar bhonn leanúnach ar an dul chun cinn maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Is ar bhonn dátheangach a thionóltar na cruinnithe.

Barr
Roinn