Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Air Strips

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna (31)

Pádraig MacLochlainn

Ceist:

31. D'fhiafraigh Deputy Pádraig Mac Lochlainn den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil na hAerstráicí in Inis Bó Finne agus sa Chloigeann á n-úsáid faoi láthair agus an bhfuil aon phleananna ag an Roinn tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu. [26251/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ós rud é nach bhfuil ceadúnais ag na haerstáicí ar Inis Bó Finne agus sa Chloigeann, níl siad ar oscailt. Dá bhrí sin, táim cinnte go dtuigfidh an Teachta go bhfuil sé mídhleathach iad a úsáid. Chomh fada is a bhaineann sé le todhchaí na n-aerstráicí seo, táim ag súil go mbeidh mé in ann cinneadh a thógáil maidir leis seo go luath.

Barr
Roinn