Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta Issues

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna (35, 39)

Mary Lou McDonald

Ceist:

35. D'fhiafraigh Deputy Mary Lou McDonald den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé soiléiriú ar cad iad na spriocanna fostaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta don bhliain seo, 2013; cén dul chun cinn atá déanta acu agus an bhfuil na spriocanna tréimhsiúla a bhí acu á mbaint amach; cé méid post nua atá cruthaithe i mbliana sa Ghaeltacht le tacaíocht ón Údarás; cé méid post atá caillte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar an staid fostaíochta sa Ghaeltacht go ginearálta. [26254/13]

Amharc ar fhreagra

Michael P. Kitt

Ceist:

39. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén beartas agus cé na pleananna atá ann chun níos mó post a chur ar fáil sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26107/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Molaim ceisteanna Uimh. 35 agus 39 a fhreagairt le chéile.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb é an sprioc fostaíochta atá ag an eagraíocht do 2013 ná 400 post nua a chruthú agus go bhfuil an tÚdarás sásta ag an bpointe seo go mbainfear an sprioc sin amach. Cruthaíodh 700 post nua in 2012 agus ag deireadh na bliana sin, bhí 7,533 post i gcliantchuideachtaí de chuid an Údaráis, lena n-áirítear 6,933 post lánaimseartha agus 620 post páirtaimseartha. Is ar bhonn suirbhé bliantúil a dhéanann Údarás na Gaeltachta tuairisciú ar phoist a cruthaíodh agus a cailleadh. Foilseofar na figiúirí don bhliain 2013 ag tús 2014 nuair atá an suirbhé bliantúil curtha i gcrích.

Le linn na bliana 2013, beidh straitéis fiontraíochta Údarás na Gaeltachta ag díriú ar chomhlachtaí seirbhíse intrádála idirnáisiúnta eolasbhunaithe a mhealladh chun na Gaeltachta agus a fhorbairt sa Ghaeltacht agus ar theacht i dtír ar an gcumas fiontraíochta in earnálacha fáis. Cuirtear béim i straitéis fiontraíochta an Údaráis do 2013 ar leibhéil níos airde fiontraíochta a spreagadh sa Ghaeltacht agus ar chomhlachtaí dúchasacha nuálaíocha ardchumais a bhunú agus a fhás. Tá an tÚdarás ag díriú go háirithe ar chuidiú le comhlachtaí nua a bhfuil féidearthachtaí fáis iontu bogadh ón ngorlann go dtí an margadh.

Question No. 36 answered with Question No. 34.
Question No. 37 answered with Question No. 32.
Barr
Roinn