Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna (43)

Pádraig MacLochlainn

Ceist:

43. D'fhiafraigh Deputy Pádraig Mac Lochlainn den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé soiléiriú i dtaobh an bhfuil i gceist aige scéim deontais a chur ar fáil do mhná tí sna Coláistí Samhraidh a bhfuil gá acu le breis spáis lóistín chun tacú leo a dtithe a thabhairt suas chuig na caighdeáin chuí ó thaobh sábháilteachta agus sláinte de. [26252/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm a rá go leanfar ag íoc deontas ó mo Roinnse le teaghlaigh a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus iad ag freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar is eol don Teachta, cuireadh an scéim tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) 1929 – 2001 ar fionraí ar an 7 Aibreán 2009. Is faoin scéim seo a tugadh cabhair deontais d’úinéirí tithe sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a dtithe, lena n-áirítear iad siúd a chur iostas ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Níl i gceist an scéim tithíochta a athoscailt san am i láthair. Bheadh aon chinneadh i leith na scéime le tógáil i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Barr
Roinn