Tugtar faomhadh gach bliain do leithdháiltí na múinteoirí de réir rialacha seanbhunaithe atá bunaithe ar líon na ndaltaíaitheanta atá rollaithe. Tá na socruithe foirnithe ag an mbunleibhéal don scoilbhliain 2013/14 foilsithe ag mo Roinnse i gCiorclán 0013/2013 atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne. San áireamh anseo tá na figiúirí do cheapacháin agus coimeád (Aguisín A) agus an tSamhail LeithdháilteGhinearálta/Béarla mar Theanga Bhreise - an leithdháileadh tacaíochta foghlama/teanga (Aguisín C) do na scoileanna go léir.
Is é an líon daltaí a theastaíonn sula bhfaigheann bunscoil aon-oide ar bith an dara múinteoir rangsheomra ná 17.
Tá foráil speisialta sna socruithe foirnithe féin chun cur ar chumas scoileanna oileáin an dara nó an tríú post múinteoireachta rangsheomra a choimeád áit gurb í an scoil an t-aon bhunscoil atá fágtha ar an oileán.
Ciallaíonn an fhoráil speisialta seo gur féidir an post a choimeád, faoi réir ag líon áirithe daltaí a bheith coimeádta, fiú sa chás go mbíonn laghdú ar líon na ndaltaí i scoil oileáin a gcaillfí an dara nó an tríú post múinteoireachta rangsheomra dá bharr sna scoileanna i gcoitinne. I gcás an dara post príomhshrutha ní mór líon iomlán de 8 ndalta nó os a chionn sin a bheith sa scoil agus gan aon bhunscoil eile a bheith fágtha ar an oileán. I gcás na mbunscoileanna eile go léir is é an figiúr sa chás seo faoi láthair ná 17 ndalta. I gcás an tríú phoist phríomhshruthaní mór líon iomlán de 45 dalta nó os a chionn sin a bheith sa scoil agus gan aon bhunscoil eile a bheith fágtha ar an oileán. I gcás na mbunscoileanna eile go léir is é an figiúr sa chás seo faoi láthair ná 54 dalta. Tá an t-eolas seo leagtha amach i Rannán 3 de Chiorclán 0013/2013.