Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 March 2014

Thursday, 6 March 2014

Ceisteanna (2, 4)

Peadar Tóibín

Ceist:

2. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé sonraí ar chruinnithe a bhí ag Aire na Gaeltachta le gach Ard-Rúnaí chun mainneachtana maidir le scéimeanna teanga comhlachtaí poiblí (faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla) atá luaite sa tuarascáil bhliantúil a phlé. [11100/14]

Amharc ar fhreagra

Michael P. Kitt

Ceist:

4. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil athbhreithniú ar siúl ar úsáid na Gaeilge sna Ranna éagsúla agus sna comhlachtaí Stáit; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11099/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (12 píosaí cainte)

Tá an Ghaeilge i ngéarchéim sa tír seo ag an mbomaite. Tá na mílte daoine tar éis teacht amach ar na sráideanna de bharr pholasaithe an Rialtais, agus an easpa acmhainní agus an easpa oibre ar an ábhar seo. Nuair a bhí an tAire Stáit ag an gcomhchoiste inné, dúirt sé gur daingníodh 16 scéim anuraidh. Ciallaíonn sé sin go dtógfaidh sé 25 bliain chun na scéimeanna ar fad a dhaingniú. Cad atá déanta ag an Aire Stáit chun an fhadhb seo a réiteach?

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 2 agus 4 le chéile.

Tá próiseas leanúnach ar siúl faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chun líon agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil a fheabhsú. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Sa chomhthéacs seo, aithnítear an tábhacht a bhaineann le dóthain daoine le hinniúlacht i nGaeilge a bheith ar fáil sa Státchóras chun freastal ar éileamh ón phobal ar sheirbhísí i nGaeilge. Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Tá na bearta seo ag teacht le spriocanna sonracha atá luaite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach sa Státchóras. Maidir leis an dara ceist, a bhaineann leis na scéimeanna teanga atá daingnithe faoin Acht, ní miste a nótáil gur faoin Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá sé scéimeanna teanga a dhaingniú le comhlachtaí poiblí agus gur faoin gCoimisinéir Teanga atá sé faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéimeanna teanga sin. Dá bhrí sin, níl aon ról agam faoin Acht a bheith ag plé le comhlachtaí poiblí maidir le cur i bhfeidhm a gcuid scéimeanna teanga.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé "ag tógáil céimeanna de réir a chéile". I ndáiríre, táimid ag cúlú de bharr na gcéimeanna sin. Dá ndéarfadh duine a bheadh ag dul le haghaidh NCT "tá na rothaí maol, níl dabht faoi sin, ach níl an t-airgead agam anois chun mo dhualgais dleathacha a chomhlíonadh" agus "diaidh ar ndiaidh, céim ar chéim, b'fhéidir go gcuirfidh mé cúpla euro isteach sa ghluaisteán, agus ar aghaidh liom", déarfadh an t-oifigeach NCT "ní féidir leat é sin a dhéanamh, caithfidh tú do chuid dualgas agus an dlí a chomhlíonadh". Níl sé sin á dhéanamh ag an Aire Stáit ná ag an Roinn ar chor ar bith. Tá sé suimiúil go ndúirt an tAire Stáit linn inné gur fhreastal 300 seirbhíseach poiblí ar ranganna Gaeilge le trí bliana anuas. Tá 300,000 duine sa Státchóras ag an mbomaite. Ciallaíonn sé sin go dtógfaidh sé 100 bliain go dtí go mbeidh 1% den Státchóras tar éis freastal ar ranganna Gaeilge chun a gcuid cumas teanga a fheabhsú. Ní céim ar aghaidh é sin - is cúlú é sin.

Ní shílim go bhfuil aon mhoilliú i gceist i dtaobh na scéimeanna teanga. Is dóigh liom gur a mhalairt atá fíor. Tá 185 comhlacht clúdaithe ag 113 scéim teanga i láthair na huaire. Aontaíodh 16 scéim úr anuraidh. Tá sé scéim eile daingnithe go dtí seo i mbliana. Tá foireann iomlán curtha le chéile anois agus beidh siad ag feidhmiú ar scéimeanna teanga as seo amach. Tá teagmháil déanta le 121 comhlacht poiblí eile. Tá comhráite agus plé ar siúl leo i láthair na huaire maidir le scéimeanna teanga. Caithfidh an Teachta a aontú gur dul chun cinn é sin. Is cuma cén dóigh a n-amharcann an Teachta ar an ábhar seo - is léir go bhfuilimid ag cur níos mó saothair, níos mó oibre agus níos mó béime ar scéimeanna teanga a aontú ná mar a tharla le fada.

Bhain an cheist a chuir mé ar an Aire Stáit leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar úsáid na Gaeilge. Dúirt mé inné ag an gcruinniú go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ngearán ón phobal. De réir tuairisc an Choimisinéara Teanga, tá an uimhir méadaithe ó 734 sa bhliain 2011 go dtí 757 sa bhliain 2012. Tháinig formhór na ngearáin ó Chontae Bhaile Átha Cliath, Contae na Gaillimhe, Contae Chiarraí, Contae Chill Chainnigh, Contae na Mí, Contae Dhún na nGall agus Contae Chorcaí. Tháinig 26% de na gearáin ón nGaeltacht. Tá cothrom na féinne agus dualgas reachtúil i gceist anseo. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom go mbeidh an t-athbhreithniú sin á dhéanamh agus go dtiocfaidh toradh níos fearr ón obair seo?

Sílim gur rud maith é go bhfuil gearáin ag teacht isteach ón bpobal. Léiríonn sé go bhfuil éileamh i measc an phobail ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn éisteacht leis an éileamh sin agus freagra a thabhairt air. Tá iarrachtaí á ndéanamh, ar ndóigh. Táimid chun cur chuige úr a chur i bhfeidhm i bhfeachtais earcaíochta an Státseirbhís as seo amach, ionas go mbeidh céatadán áirithe d'áiteanna curtha ar fáil d'iarrthóirí le hardchumas Gaeilge. Níor tharla sé sin le 40 bliain. B'fhéidir nach bhfuil ann ach an beagán, ach is tús maith é mar aitheantas go bhfuil an t-easnamh sin ann. Chomh maith leis sin, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar gach rannóg Rialtais agus ar gach comhlacht Stáit a aimsiú cá bhfuil gá le hoifigigh le Gaeilge ar a gcumas acu chun seirbhís a sholáthar do shaoránaigh na tíre seo. Tá dhá chéim chun tosaigh tógtha. B'fhéidir nach bhfuil ann ach tosú, ach is tosú iontach deimhneach atá ann.

Ní cheapaim go dtuigeann an tAire Stáit cé chomh feargach is atá daoine i dtaobh na ceiste seo. Go simplí, tá siad ag iarraidh dul i dteagmháil leis an Stát agus a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Nuair a théann siad i dteagmháil leis an Stát, de ghnáth diúltaíonn dóibh an Ghaeilge a húsáid. Is é sin an gnáthchleachtadh atá ag daoine faoi láthair. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil 415 comhlacht fós le scéimeanna a dhaingniú. Ós rud é go bhfuil 16 scéim á dhaingniú gach bliain i láthair na huaire, tógfaidh sé 25 bliain chun na scéimeanna go léir a dhaingniú. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé i gceist níos mó daoine le Gaeilge a earcú sa Státchóras. Dúirt an Coimisinéir Teanga go dtógfaidh sé 28 bliain chun an sprioc a bhaint amach. Níl aon chostas ag baint leis na rudaí seo, ach tá deifir ag baint leo. Is rud uafásach práinneach é seo. De réir an taighde atá déanta, níl ach 16 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Cén fáth a bhfuil an Rialtas ag cur moill ar an bpróiseas seo?

Sílim go gcaithfidh an Teachta aontú liom go bhfuil sé seo an chéad rud cinnte atá déanta le blianta fada chun freagra a thabhairt ar an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge atá i measc an phobail. Tá sé ráite agam go bhfuil dhá chéim mhóra tógtha againn - go gcuirfear le chéile painéal speisialta de dhaoine le hardchumas Gaeilge san earcaíocht atá amach romhainn agus go mbeidh-----

Beidh mé 70 bliain d'aois faoin am a bheidh an sprioc sin bainte amach.

Tá sainscrúdú nó sainaithint á dhéanamh i ngach Roinn maidir leis na háiteanna ina bhfuil gá le seirbhísí trí Ghaeilge. Tá daoine i ngach Roinn Stáit a bhfuil ardchumas Gaeilge acu, ach nach bhfuil deis acu bheith ag plé leis an bpobal. Tá an dá rud cinnte sin ar siúl. Tá cúrsaí speisialta á gcur ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Beidh siad in ann cáilíochtaí a bhaint amach dá bharr. Mar sin, aithníonn an Stát cad atá le déanamh. Don chéad uair ó tháinig mé isteach anseo - tá mé anseo níos faide ná an Teachta - tá céimeanna deimhneacha á dtógáil maidir leis na fadhbanna seo.

Aontaím leis an Aire Stáit gur maith an rud é go bhfuil daoine ag gearán faoin tseirbhís atá á sholáthar. Tá súil agam go n-aontóidh sé liom gur maith an rud é go bhfuil daoine ag máirseáil. Bhí athrú meoin aige mar gheall ar sin. Ag an mórshúil i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin, dúirt bean gur sheol sí e-mail chuig an HSE i nGaeilge, ach fuair sí freagra as Béarla. Ní dóigh liom gur ceart go dtarlódh a leithéid. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann leigheas a chur ar an scéal sin. An aontaíonn an tAire Stáit le Conradh na Gaeilge gur cheart go mbeadh sé mar chuspóir go mbeidh - faoi dheireadh na bliana 2016 - gach seirbhís Stáit ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta, agus go mbeadh na seirbhísí sin ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile?

Ba bhreá liom a rá go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil anois do gach duine a éilíonn na seirbhísí sin, ach tá oidhreacht nó legacy i gceist anseo. Tháinig an fhadhb seo chun cinn le roinnt blianta anuas - le 40 bliain anuas, b'fhéidir. Mar a dúirt mé, tá cur chuige úr ann anois. Tá a lán talamh le déanamh suas. Ba mhaith liom go bhfaigheadh éinne a scríobhann chuig Roinn Rialtais - i nGaeilge nó i mBéarla - freagra sa teanga inar ndearna siad teagmháil leis an Roinn. Caithfimid gach iarracht a dhéanamh a chinntiú gur mar sin atá. Má scríobhann duine litir trí Ghaeilge, ba cheart dó freagra a fháil i nGaeilge. Má scríobhann sé litir trí Bhéarla, ba cheart dó freagra a fháil i mBéarla. Tá sé sin ceart agus aontaím leis. Is é an sprioc agus an cuspóir atá againn ná gur mar sin ba chóir go mbeadh sé. Caithfidh sé bheith mar sin.

Barr
Roinn