Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Costais Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 April 2014

Tuesday, 8 April 2014

Ceisteanna (50)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

50. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Taoisigh cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16143/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá na sonraí a d'iarr an Teachta Dála, maidir le costais aistriúcháin i mo Roinn sa bhliain 2013 leagtha amach sa table thíos.

Ábhar

Costaisí

Aistriúchán Gaeilge

€33,866.34

Aistriúcháin - eile

€7,989.97

Ateangaireacht

€7,104.65

Iomlán

€48,960.96

Barr
Roinn