Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stádas na Gaeilge san Eoraip

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 April 2014

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna (11)

Michael P. Kitt

Ceist:

11. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfidh sé deireadh leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17777/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Tá ardú stádais don Ghaeilge san Aontas Eorpach bainte amach le blianta agus tá imní ar a lán daoine faoi céard a tharlóidh tar éis dhá bhliain eile, mar ní rud fadtéarmach atá ann. Céard iad na pleananna atá ag an Aire ráiteas a eisiúint mar gheall ar 2016?

Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tá plé ar bun ag mo Roinn faoi láthair le páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr le deireadh a chur leis an mhaolú. Beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha. Mar chuid de straitéis an Rialtais chun a chinntiú go mbeidh foireann leordhóthanach cháilithe ann chun freastal ar na riachtanais a eascraíonn as an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, cuireann mo Roinn maoiniú substaintiúil ar fáil i gcomhar réimse de shainchúrsaí tríú leibhéal agus chun téarmaíocht Ghaeilge a fhorbairt do bhunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh dar teideal InterActive Terminology for Europe nó IATE, mar a thugtar go coitianta air.

De réir mar a chloisim, tá cinneadh déanta ag Málta agus An Eastóin, dhá thír bheaga, mar gheall ar an mhéid oibre atá ar fáil do dhaoine atá ag lorg post san Eoraip. Táthar ag caint mar gheall ar 183 post agus is poist fhiúntacha iad seo. Táimid ag caint anois mar gheall ar 2016. An mbeidh muid in ann a rá le daoine go mbeidh na poist sin fós ann nó an mbeidh siad caillte? Tá suim ag daoine post a fháil san Eoraip ag plé leis an nGaeilge.

Mar a dúirt mé, tá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oibre san Aontas Eorpach ó mhí Eanáir 2007. Tugadh isteach an maolú ag an uair sin mar nach raibh na daoine leis na cáilíochtaí againn chun na poist sin a ghlacadh. Sa bhliain 2011, cuireadh síneadh cúig bliana le sin. Caithfimid anois cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh na bliana seo chugainn, 2015, maidir leis an mbeidh muid ag iarraidh maolaithe eile nó an gcuirfimid deireadh leis. Tá sin á mheas agus á phlé i láthair na huaire ag an Rialtas agus ag na hinstitiúidí Eorpacha chomh maith.

Ar ndóigh, táimid ag déanamh ullmhúcháin agus tá acmhainní á chur ar fáil le go mbeidh na cáilíochtaí ag daoine. Tá an tionscnamh ardscileanna Gaeilge curtha ar fáil lena dhéanamh cinnte de go bhfuil daoine a bhfuil cumas acu agus go mbeidh siad incháilithe na poist seo a ghlacadh san Eoraip. Chomh maith le sin, tá DCU i mbun téarmaíochta a chur le chéile. Tá corpas mór téarmaíocht déanta amach ag DCU. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. An rud a gcaithfimid a dhéanamh ná a mheas, i gcomhchomhairle leis an Eoraip, cad é an cinneadh ceart. Ba mhaith liom féin go mbeadh an cinneadh déanta níos luaithe seachas níos moille.

Go raibh maith agat. An cheist a bhí agam ná an bhfuil aon eolas ag an Aire Stáit faoin gcinneadh atá déanta ag Málta nó An Eastóin, dhá thír bheaga? De réir mar a thuigim, tá siad in ann na poist seo a choinneáil. An bhfuil aon phlean ag an Aire Stáit bualadh leis na hAirí sna tíortha sin chun a fháil amach céard a rinne siadsan chun na poist sin a choinneáil?

Cosúil linn féin, tá mion teanga ag na tíortha sin chomh maith. Níl a fhios againn conas mar a sheasann rudaí maidir le sin i láthair na huaire. Is féidir a bheith cinnte, leis an tréimhse chomharliúcháin agus measúnachta atá ag dul ar aghaidh i láthair na huaire, go mbeidh muid ag déanamh scrúdaithe dian ní hamháin ar na tíortha atá luaite ag an Teachta, ach ar thíortha eile chomh maith go bhfuil mion teanga iontu, cosúil leis An Spáinn agus mar sin de. Tá go leor mion teangacha agus beimid ag féachaint ar an dearcadh atá acusan agus ar na himpleachtaí a bheidh ann maidir leis na tíortha sin má dhéanann muid cinneadh deireadh a chur leis.

Mar a dúirt mé, tá an cheist á plé agus á meas i láthair na huaire. Tá sé faoi scrúdú agus tá súil agam go mbeimid in ann cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh na bliana seo.

Barr
Roinn