Éamon Ó Cuív
Ceist:26. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil treoir tugtha aige do na comhairleoirí atá i mbun an staidéir ar sheirbhísí aeir d'oileáin Árann comhairle a ghlacadh le háisíneachtaí stáit ar nós Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Chomhairle Contae na Gaillimhe, na Roinne Oideachais, Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe srl faoin tionchar a bheadh ar a gcumas seirbhisí cuimsitheacha a chur ar fáil ar na hoileáin sin dá gcuirfí deireadh leis an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin; agus na himpleachtaí costais a bheadh ann dóibh, ag cur chostas foirne san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17779/14]
Amharc ar fhreagra