Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 April 2014

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna (28)

Peadar Tóibín

Ceist:

28. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndeimhneoidh sé go n-íocfar íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla leo siúd ar fad a chaillfidh a bpoist de bharr chur i bhfeidhm an mhúnla nua mhaoinithe agus mura bhfuil na hacmhainní cuí ag na heagrais chun na híocaíochtaí sin a dhéanamh, an gcinnteoidh an tAire go dtacóidh Foras na Gaeilge leis na híocaíochtaí seo. [18043/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil foireann na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe fostaithe go díreach ag na heagraíochtaí sin. Faoin dlí a bhaineann le cúrsaí fostaíochta, baineann ceisteanna maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla leis na fostóirí ar an chéad dul síos. Mura bhfuil na hacmhainní ag na heagraíochtaí iad féin chun na híocaíochtaí seo a dhéanamh agus sa chás go bhfuil na heagraíochtaí sin ag scor, tuigtear dom go bhfuil maoiniú ar fáil ó chistí Stáit ar leith sa dá dhlínse chun cabhrú le heagraíochtaí a ndualgais reachtúla iomarcaíochta a chomhlíonadh. Sna cúinsí sin, tuigfidh an Teachta nach bhfuil aon ról reachtúil agam maidir leis an ghnó seo.

Barr
Roinn