Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 April 2014

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna (29, 32)

Peadar Tóibín

Ceist:

29. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad chuige a bhfuil deireadh á chur le seirbhísí nuachta agus eolais Gaelport.com nuair nach bhfuil aon chinneadh déanta maidir lena dtiocfaidh i gcomharbas air; an eol dó go bhfuil an-rath ar sheirbhísí Gaelport.com agus go bhfuil an t-éileamh ar an tseirbhís ag dul ó neart go neart, gur breis agus 1,000,000 amas sa bhliain a fhaigheann an láithreán gréasáin, go bhfuil 7,000 síntiúsóir cláraithe lena ríomhirisí, agus gurb iomaí duais agus gradam atá bainte amach ag Gaelport le blianta anuas. [18044/14]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

32. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar cheadaigh sé féin agus an tAire i dTuaisceart Éireann cinneadh Fhoras na Gaeilge na deontais a tharraingt siar ó roinnt irisí Gaeilge, irisí liteartha ina measc; an inseoidh sé an chúis a bhí leis an gcinneadh sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17778/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 29 agus 32 le chéile.

Ar an chéad dul síos, is mian liom a mhíniú do na Teachtaí go mbaineann na saincheisteanna seo le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus nach bhfuil ról sonrach agam féin mar Aire ina leith.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil roinnt irisí eagraíochtúla agus an suíomh idirlín Gaelport.com maoinithe go díreach trí na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Mar thoradh ar chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas treoir a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge socruithe nua maoinithe a chur i bhfeidhm le héifeacht ó 1 Iúil 2014, tuigtear dom gur thóg bord an Fhorais cinneadh deireadh a chur leis an mhaoiniú do na hirisí eagraíochtúla agus don suíomh idirlín thuasluaite ag an am céanna.

Agus é mar aidhm ag Foras na Gaeilge an iriseoireacht Ghaeilge a chothú agus pobail léitheoireachta a spreagadh, tuigtear dom go mbeidh scéim le haghaidh iris stíl mhaireachtála á fógairt ag deireadh mhí na Bealtaine agus go mbeidh scéim le haghaidh iris níos téagartha á fógairt san fhómhar.

Ós rud é go bhfuil Conradh na Gaeilge roghnaithe mar eagraíocht cheannais sa réimse feasachta le héifeacht ó 1 Iúil 2014, titfidh an cúram ar an eagraíocht sin cinneadh a dhéanamh, i gcomhar le Foras na Gaeilge, faoi na háiseanna is fearr chun an obair sin a chur i gcrích. Tuigtear dom go bhfuil plé ar siúl idir Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge maidir le tosaíochtaí feasachta don todhchaí agus go bhfuil soláthar seirbhís ilmheáin nuachta agus eolais san áireamh mar chuid den phlé sin. Sa chomhthéacs seo, ní miste a lua gur fhógair Foras na Gaeilge a chinneadh ar an 11 Aibreán maidir leis an gconradh ceithre bliana chun nuachtán Gaeilge ar líne a chur ar fáil.

Barr
Roinn