Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cóid Phoist

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 May 2014

Tuesday, 27 May 2014

Ceisteanna (498)

Maureen O'Sullivan

Ceist:

498. D'fhiafraigh Deputy Maureen O'Sullivan den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cén fáth go bhfuil neamhaird á tabhairt ar an nGaeilge agus na postchóid nua á gcinneadh; céard atá á dhéanamh aige chun a chinntiú nach gcuirfear deireadh le seoltaí i nGaeilge. [23189/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tugadh aird ar an Ghaeilge nuair a bhí an Córas Náisiúnta Postchóid á fhorbairt. Ní chuirfear deireadh le seoltaí trí Ghaeilge de bharr Eircodes a bheith á dtabhairt isteach. Leanfar leis an leagan reatha seoltaí. Tá seoltaí i nGaeilge san áireamh sa mhéid sin. Ceapadh Eircode le bheith neodrach ó thaobh teanga de. Cuirfear Bunachar Seoltaí Eircode ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge nuair a sheolfar é in Earrach na bliana 2015.

Barr
Roinn