Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 June 2014

Wednesday, 4 June 2014

Ceisteanna (105)

Seán Kyne

Ceist:

105. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad í an chéad chéim eile maidir leis an aersheirbhís d'Oileáin Árann tar éis tuarascáil Ernst & Young ar an OSP don aersheirbhís a fháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23958/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh mé an tuarascáil athbhreithnithe a rinne EY ar an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ar an 28 Bealtaine. Tá an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1008/2008/EC. Beidh na moltaí atá sa tuarascáil á scrúdú go mion ag mo Roinn sa tréimhse atá romhainn sula dtógtar cinneadh maidir leis an gcéad chéim eile. Tá an conradh aersheirbhíse reatha i bhfeidhm go 30 Meán Fómhair 2014 agus tá sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis.

Barr
Roinn