Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stádas na Gaeilge san Eoraip

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 June 2014

Tuesday, 10 June 2014

Ceisteanna (355)

Peadar Tóibín

Ceist:

355. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an aontaíonn sé le cinneadh a Roinne gan an cúrsa samhraidh ‘Aistriúchán Cáipéisí Dlí agus Cáipéisí Stáit eile’ a cheadú; an aontaíonn sé go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar ráitis éagsúla ó pholaiteoirí san Eoraip agus sa bhaile le tamall anuas nach bhfuil dóthain aistritheoirí ann le fáil réidh leis an mhaolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach; an féidir leis an Aire a chur in iúl go hoifigiúil go bhfuil an Rialtas chun a iarraidh ar an Aontas Eorpach anois gan an mhaolú a athnuachan ag deireadh 2016; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24605/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs seo, tá plé ar bun ag mo Roinn le páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr i dtaca leis an maolú. Beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha.

Mar chuid de straitéis an Rialtais chun a chinntiú go mbeidh foireann leordhóthanach cháilithe ann chun freastal ar na riachtanais a eascraíonn as an nGaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, cuireann mo Roinn maoiniú substaintiúil ar fáil faoin Tionscnamh Ard-Scileanna Gaeilge i gcomhar réimse de shainchúrsaí tríú leibhéal. Is trí na hinstitiúidí tríú leibhéal a thagann faoin Údarás um Ard-Oideachas a dhéantar na cúrsaí seo a mhaoiniú go príomha.

Mar chuid den Tionscnamh Ard-Scileanna Gaeilge, tugadh maoiniú fosta do chomhlacht príobháideach chun an gearrchúrsa atá luaite ag an Teachta a reachtáil. Chun cloí le dea-chleachtas maidir le rialacha soláthair phoiblí, ní miste tairiscintí poiblí a lorg dá mbeifí chun a leithéid de chúrsa a reáchtáil amach anseo.

Tá an Tionscnamh Ard-Scileanna Gaeilge faoi athbhreithniú ag mo Roinn i láthair na huaire i gcomhthéacs an mhaolaithe i leith na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Agus an t-athbhreithniú sin críochnaithe, déanfar cinneadh maidir leis na cúrsaí atá de dhíth chun freastal ar riachtanais na n-institiúidí Eorpacha. Táthar ag súil próiseas tairisceana a fhógairt do sholáthar na gcúrsaí sin amach anseo.

Barr
Roinn