Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cabinet Committee Meetings

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 July 2014

Tuesday, 1 July 2014

Ceisteanna (5, 6, 7, 8)

Gerry Adams

Ceist:

5. Deputy Gerry Adams asked the Taoiseach when the Cabinet committee on Irish and the Gaeltacht last met. [8953/14]

Amharc ar fhreagra

Gerry Adams

Ceist:

6. Deputy Gerry Adams asked the Taoiseach when the Cabinet committee on Irish and the Gaeltacht will next meet. [8954/14]

Amharc ar fhreagra

Gerry Adams

Ceist:

7. Deputy Gerry Adams asked the Taoiseach the number of meetings of the Irish and Gaeltacht Cabinet committee that have taken place since Christmas. [12763/14]

Amharc ar fhreagra

Joe Higgins

Ceist:

8. Deputy Joe Higgins asked the Taoiseach when the Cabinet committee on Irish and the Gaeltacht last met; and the date on which the next meeting is scheduled. [14918/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (10 píosaí cainte)

I propose to take Questions Nos. 5 to 8, inclusive, together.

The Cabinet committee on Irish and the Gaeltacht met on two occasions this year - on 20 February and on 31 March. No date has been confirmed for the next meeting.

Deputy Adams, I ask you for your co-operation because we only have 13 minutes left and there are other questions which we might try to deal with.

I always co-operate with you. You know that.

Thank you very much. I appreciate that.

I am very disappointed not only that this committee has only met twice but that there is no date fixed for another meeting not least because of the dreadful state of the Gaeltachtaí. Tá a fhios ag an Taoiseach gurb iad na Gaeltachtaí tobar na Gaeilge. Tá an pobal seo agus na ceantair seo an-saibhir ó thaobh na Gaeilge ach tá a lán damáiste déanta agus damáiste déanta don Údarás agus do Fhoras na Gaeilge. Ní thuigim an fáth atá leis sin. Is fíorghaeilgeoir iad an Taoiseach agus an tAire, atá ina chónaí i nGaoth Dobhair. Tá a lán Gaeilge ag an Rialtas ach tá scrios á dhéanamh ar na Gaeltachtaí. Ní thuigim an fáth atá leis seo. The Gaeltacht areas continue to decline and like most parts of rural Ireland, are experiencing emigration. They are the well of the Irish language. Irish has been spoken in these areas for the past 2,000 years. An Coimisinéir Teanga resigned in protest and I wish the new coimisinéir well.

Perhaps the Taoiseach could explain what the committee actually does given the state of the Gaeltacht areas at this time.

I was very pleased to attend two "dearg le fearg" days of protest on this issue, one in Dublin and one in Belfast, and what struck me was that the majority of young people demonstrated a great love for the language. There was a sea of colour of young people, beo agus bríomhar agus a lán amhrán á gcanadh acu. This enthusiasm is the future of the Irish language and should be actively supported, rather than destroyed, by the Government.

Does Deputy Higgins wish to add anything?

Tá ceist ag an Teachta Uí Uigínn freisin. Bhí ocht gcruinniú de fhochoistí an Rialtais agam inné, ón a hocht a chlog ar maidin go dtí leathuair tar éis a seacht sa tráthnóna. Lá fada a bhí ann. Ag an gcéad chruinniú eile de na fochoistí sin, beidh ceann a bhaineann le tábhacht na Gaeilge agus an obair atá ar siúl ansin.

Séard atá i gceist leis an bhfochoiste ná díospóireacht maidir le straitéis na Gaeilge agus nithe a éiríonn as sin a bhaineann le deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachtaí ar fud na tíre. Tá a fhios ag an Teachta gur toghadh Coimisinéir Teanga nua agus gur tugadh tacaíocht dó go mbeadh sé neamhspleách agus gur ghlac an Rialtas leis an gcomhairle a tugadh athbhreithniú a dhéanamh ar an bpost sin. Anois, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách. Rinneadh cinneadh freisin go mbeadh daoine ar fáil a bheadh in ann obair leis agus tá sin déanta.

Ba mhaith liom é seo a chur in iúl don Teachta Adams. Bíonn muid ag caint anseo anois agus arís faoi thábhacht na Gaeilge agus an méid cabhrach atá ar fáil, agus faoi bhás na Gaeltachtaí agus mar sin de. Ag an am céanna, mar pholaiteoirí a bhíonn ag dul ar fud na tíre casann muid ar dhaltaí, daoine óga agus mic léinn atá in ann fíor-Ghaeilge a labhairt de bharr go bhfuil siad ag freastal ar Ghaelscoileanna. Tá difríocht idir caighdeán an teanga labhartha ag na daltaí a fhreastalaíonn ar na scoileanna sin agus daltaí a fhreastalaíonn ar ghnáthscoil. B'fhéidir nach n-aontaíonn gach duine le sin, ach tá sin soiléir le feiceáil agus le cloisteáil.

I 2004, tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeilge ag Aontas na hEorpa. Bhí an tUacharánacht ar Aontas na hEorpa againn anuraidh, agus bhí cruinnithe de 61 comhairle againn i rith na hUachtaránachta sin, ach ní raibh Gaeilge le cloisteáil ach ag ceithre cinn de na cruinnithe sin. Freisin, tá díolúine againn i leith ár dteanga dúchais san Eoraip le fada an lá. Tá daoine ag rá gur cóir go mbeadh neart jabanna le fáil dá gcuirfí deireadh leis an díolúine sin agus dá mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth teanga labhartha in institiúdí na hEorpa. I 2012, bhí comórtas oscailte ann d'aistritheoirí Gaeilge agus bhí 38 post le líonadh. Chuir 107 iarrthóir isteach ar na poist sin, ach ní raibh ach seacht gcinn déag díobh a raibh caighdeán sách ard acu leis an obair aistriúcháin a dhéanamh. Mar sin, ní raibh ach 17 duine fágtha sa chomórtas i ndiaidh na hiarratais a phlé. Táimid ag caint faoin gcóras seo le blianta fada agus cé go bhfuil aitheantas oifigiúil tugtha don teanga le blianta anuas, nílimid mar thír in ann an méid daoine a bhfuil caighdeán sách ard san aistriúchán acu a chomhlíonadh. Ó thaobh na straitéise atá leagtha amach ag an Aire Stáit agus obair an fhochoiste, táimid ag díriú ar líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus caighdeán na Gaeilge labhartha a ardú ar fud na tíre.

Gabhaim buíochas le tuismitheoirí, le múinteoirí bunscoile agus meánscoile, a dhéanann tréan iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn agus leis na daltaí a bhíonn ag freastal ar na Gaelscoileanna agus scoileanna samhraidh agus a labhraíonn an Ghaeilge taobh amuigh de na scoileanna sin mar ghnáth teanga. Cloisim mic léinn mar seo ag labhairt Gaeilge sna hollscoileanna, gan bhrú ar bith orthu. An meon atá acu ná gur cheart go mbeadh caighdeán ard Gaeilge le cloisteáil ar fud na hollscoileanna agus na hinstitiúdí ar fad. Sin an sórt córas atá i gceist a chur chun cinn. Aontaím go bhuil togha oibre déanta ag TG4, Raidió na Gaeltachta agus mar sin de. Sílim go bhfuil níos mó Gaeilge ag muintir na tíre seo anois ná mar a bhí le fada agus ní bhíonn imní orthu an cúpla focal atá acu a labhairt amach go soiléir.

Ag an gcéad chruinniú eile den bhfochoiste, ardóidh mé na hábhair atá luaite ag an Teachta anseo.

Teastaíonn uaim é seo a rá. We have two languages in this country, English and Irish. Both are our languages, languages of the Irish people. A majority speaks English and a minority speaks and understands English and Irish. This is replicated in Dáil Éireann. It is not acceptable that there are just about half a dozen headphones in the Dáil at the moment through which people who do not understand Irish can follow a debate in Irish. As somebody who served in the European Parliament, I can say that it was quite normal for people from dozens of different countries to understand each other's language, because everybody wore their headphones. I appeal to the Ceann Comhairle, or whoever is responsible, to ensure a sufficient number of headphones is made available here. We have a person translating any Irish spoken in the House so that Deputies who do not understand Irish can follow the debate. Theastaigh uaim an méid sin a rá.

Tá an t-am an-ghairid, ach an cheist atá agam don Taoiseach ná, an bhfuil aon tuiscint ag an Rialtas ar cé chomh práinneach agus atá cás na Gaeltachta i láthair na huaire maidir le labhairt na teanga agus maidir le féidireacht do chlanna agus do dhaoine cur fúthu sa Ghaeltacht agus saol seasmhach a bheith acu sa Ghaeltacht, le jab, le teach agus a leithéid? An dtuigeann an Rialtas cé chomh géar agus atá an ghéarchéim eacnamaíochta ag cur isteach ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge, leis an oiread sin daoine óga atá ag imeacht ó na Gaeltachtaí agus an oiread sin daoine óga le Gaeilge ag imeacht ó ghach áit sa tír?

Maidir leis an bhfochoiste Rialtais a bhaineann leis an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí, cad iad na hathruithe a gcuirfidh an Rialtas chun cinn anois maidir leis na fadhbanna seo? Freisin, nach náireach an rud é nach féidir fós le lucht labhartha na Gaeilge, go háirithe muintir na Gaeltachta, glaoch a chur ar aon Roinn Stáit agus a bheith deimhin de gur féidir leo freagra a fháil as Gaeilge, nó duine éigin a fháil a labharfaidh Gaeilge leo? In ionad san, deirtear leo glaoch ar ais nó "call back in a few days". Nach bhfuil an ceart ag daoine a dteastaíonn uathu gnó a dhéanamh trí Ghaeilge go mbeadh duine éigin i ngach Roinn Stáit le labhairt leo ar an bpointe?

I agree completely with Deputy Higgins. It should not be deemed wrong, inferior or awkward for a person to wear headphones in this House to understand the translation of a discussion that is taking place as Gaeilge. I support the Deputy because such behaviour is a matter of normal course at European Union meetings where numerous languages are spoken.

Tá an fhadhb seo thar a bheith práinneach, ach tá sé thar a bheith deacair freisin. I Ros Dumhach, mar shampla, le 14 bliain anuas tá deacrachtaí ann ó thaobh gás na Coiribe a thabhairt isteach sa tír. Cé go raibh suas le 2,000 fir ag obair ansin le 15 bliain anuas, bhí deacrachtaí ann dóibh siúd a bhí ag iarraidh oibre a fháil agus ag iarraidh cur fúthu san áit sin. Cé go raibh an gás ag teacht isteach agus go dtiocfaidh sé isteach sa Ghaeltacht, tá deacrachtaí ann. Tá deacrachtaí freisin maidir le cúrsaí feirmeoireachta éisc i gCuan na Gaillimhe, áit a mbeadh neart jabanna ar fáil do mhuintir Chonamara, dá mbeadh na coinníollacha cearta ann.

Tá rud maith déanta ag an Rialtas, leis an €500 milliún a cuireadh ar fáil do sheirbhís leathanbhanda a sholáthar ar fud na tíre, seirbhís do na Gaeltachtaí san áireamh. Sílim go dtiocfaidh tairbhe as sin agus go mbeidh jabanna ar fáil le comhlachtaí beaga ar fud na Gaeltachtaí, chomh maith le gach áit eile. Mar shampla de sin, bhí mé ag caint leis an Aire Cumarsáide cúpla lá ó shin agus é suas in Oileán Árainn Mhór i nDún na nGall. Anois, tá tapúlacht 100 MBps ar fáil ansin agus tá daltaí ón mhórthír ag freastal ar an scoil ar an oileán anois, rud nár tharla le blianta anuas.

Tá rud maith déanta ag an Aire Stáit chomh maith, ó thaobh brú a chur ar oifigigh stáit go mbeadh duine in ann Gaeilge a labhairt i ngach Roinn, agus níos mó ná duine amháin más féidir. Chuaigh mise isteach in oifig LEO san iarthar le déanaí, agus bhí triúr ansin a bhí in ann Gaeilge a labhairt agus déileáil le gnáth daoine le Gaeilge a bheadh ag teacht isteach. Sin an obair atá ar siúl. Ní dóigh liom go mbeidh mise in ann gach uile deacracht a réiteach le linn réim an Rialtais seo, ach déanfaidh mé mo dhícheall.

Written Answers follow Adjournment.
Barr
Roinn