Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Irish Language

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 October 2014

Thursday, 16 October 2014

Ceisteanna (234, 235)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

234. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag na hAonaid Ghaeilge in institiúidí éagsúla AE sceideal comórtas agus earcaíochta a chur le chéile don dá bhliain atá romhainn chun go líonfar an 183 post a thiocfaidh chun cinn le dul in éag don mhaolú ar stádas na Gaeilge san AE ar an 31/12/16. [39665/14]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

235. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén polasaí atá aici lena chinntiú go mbeidh dothain daoine oilte ar fáil leis na poist a bheidh ar fáil do lucht aistriúcháin agus d'ateangairí a líonadh nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú atá ag an nGaeilge san AE ar 31/12/16; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39666/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 234 agus 235 le chéile.

Mar a cuireadh in iúl don Teach cheana, beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 ar a dhéanaí, maidir le síneadh a chur nó gan a chur ar feadh tréimhse bhreise leis an maolú reatha atá i bhfeidhm i ndáil le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tar éis don Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht an cheist seo a bhreithniú le gairid, tá plé ar bun ag mo Roinn, i gcomhar le Roinn an Taoisigh, le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le cur chuige féideartha ag eascairt as an mbreithniú sin. Is léir go mbeidh tionchar ag toradh an phlé sin ar na moltaí a bheidh le cur faoi bhráid an Rialtais in am trátha sula dtógfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an gceist seo.

Mar chuid de straitéis an Rialtais chun a chinntiú go mbeidh glacadh leordhóthanach leis na poist atá ar fáil agus chun a chinntiú go mbeidh foireann leordhóthanach cháilithe ann chun freastal ar na riachtanais a eascraíonn as an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, cuireann mo Roinn maoiniú substaintiúil ar fáil i gcomhar réimse de shainchúrsaí tríú leibhéal agus chun téarmaíocht Ghaeilge a fhorbairt do bhunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh dar teideal InterActive Terminology for EuropeIATE, mar a thugtar go coitianta air.

Tuigfidh an Teachta gur ceist í d’institiúidí an Aontais Eorpaigh sceideal comórtas agus earcaíochta a chur le chéile ag brath ar riachtanais na n-institiúidí.

Barr
Roinn