Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 April 2015

Wednesday, 15 April 2015

Ceisteanna (233)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

233. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén réiteach fadtéarmach a dhéanfar chun páirceáil fheiliúnach a chur ar fáil saor in aisce d’oileánaigh i gcalafort Ros an Mhíl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [13864/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl ar cheann de shé Ionad Iascaigh Cuain shannta atá faoi úinéireacht, bainistiú agus cothabháil mo Roinne faoi Reacht.

Tá an úsáid a bhaineann muintir Árann as Carrchlós na nOileánach ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl éascaithe faoi cheadúnas.

Coimeádfar soláthar áiseanna carrpháirceála do mhuintir Árann faoi athbhreithniú leanúnach, agus aird ar fhorbairtí féideartha amach anseo ag Ionad Iascaigh Cuain Ros an Mhíl. Is féidir liom a dhearbhú don Leas-Aire, faoi mar a rinneadh roimhe seo, go gcuirfear san áireamh go hiomlán tuairimí na gcónaitheoirí maidir leis an gceist seo.

Barr
Roinn