Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 April 2015

Wednesday, 15 April 2015

Ceisteanna (900)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

900. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a lorgófar tairiscintí don chonradh aerthaistil go dtí oileáin Árann; an bhfuil i gceist aici go mbeidh an leibhéal céanna seirbhíse á thabhairt faoi aon chonradh nua i gcomparáid leis an tseirbhís atá ann faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13867/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an fógra ag lorg tairiscintí do sheirbhís aeir Oileáin Árann foilsithe anois. Tá spriocdháta den 8 Meitheamh 2015 ag tairgeoirí seirbhísí aeir chun tairiscintí a dhéanamh. Faoin Iarraidh ar Thairiscint, tá íosleibhéal seirbhíse in aghaidh na seachtaine i gceist, is é sin dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine móide seirbhís iompar bóthair chun freastal ar na heitiltí sin. Mar atá i gceist faoin gconradh reatha, ní bheidh cosc ar an gcuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil.

Barr
Roinn