Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 September 2015

Thursday, 24 September 2015

Ceisteanna (4)

Michael P. Kitt

Ceist:

4. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard atá beartaithe aici maidir le haersheirbhís go dtí Oileáin Árann, an bhfuil sí sásta conradh nua aersheirbhíse a thosú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32429/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Táim ag iarraidh freagra a fháil mar gheall ar na pleananna ag an Aire chun aersheirbhís a chur ar fáil go hOileáin Árann. An gcuirfidh an tAire Stáit an tairiscint ar ceal agus an dtosnóidh sé próiseas nua chun aersheirbhís laethúil a chur ar fáil ó Aerfort Chonamara go hÁrainn? Tá an tseirbhís ann le níos mó ná 40 bliain. Is í an cheist is tábhachtaí ná an mbeidh an t-aersheirbhís ann tar éis mí Dheireadh Fómhair.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as ucht an gceist tábhachtach seo. Mar is eol don Teachta, rinne mo Roinn athbhreithniú a choimisiúnú anuraidh ar an tseirbhís aeir i gcomhréir le rialachán an AE. Léirigh an t-athbhreithniú a rinne EY go raibh cás socheacnamaíoch ann don tseirbhís aeir. Léiríodh fosta go raibh sé riachtanach sábháiltí a bhaint amach i gcomhthéacs an mhéadaithe de 136% a bhí tagtha ar chostas na seirbhíse aeir le linn na tréimhse athbhreithnithe ó 2003 go 2013 a bhí faoi chaibidil sa tuarascáil.

Bunaithe ar mholtaí an athbhreithnithe, cuireadh próiseas tairisceana ar bun chun conradh a aontú don tseirbhís aeir don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Is í an Oifig um Sholáthar Rialtais atá i mbun an phróisis tairisceana a reáchtáil thar ceann mo Roinne i gcomhréir le rialachán an AE. Tar éis measúnú a bheith déanta ar na hiarratais faoin bpróiseas tairisceana, fógraíodh an tairgeoir roghnaithe don chonradh seirbhíse aeir ar an 26 Lúnasa. Cuireadh in iúl freisin go raibh bronnadh an chonartha faoi réir chomhlíonadh tréimhse shosa deonaí de 14 lá agus nach gcuirfí conradh ar bith i gcrích go rachadh an tréimhse sosa in éag ar an 9 Meán Fómhair.

I gcomhréir le comhairle dlí a fuarthas, fógraíodh ar an 10 Meán Fómhair go raibh síneadh á chur leis an tréimhse shosa deonach go dtí an 16 Samhain. Tógadh an cinneadh seo le súil is soiléiriú a fháil maidir le hAerfort na Gaillimhe a bheith ar fáil do thréimhse an chonartha ceithre bliana ón 1 Deireadh Fómhair mar atá leagtha amach san iarraidh ar thairiscintí. Chun a chinntiú go leanfar le seirbhís aeir chuig agus ó Oileáin Árann, tá mo Roinn ag plé leis an soláthraí seirbhíse reatha chun teacht ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an gconradh reatha ar feadh ceithre mhí ón 1 Deireadh Fómhair.

Is í an aidhm a bhí agam ón tús ná a chinntiú go mbeidh seirbhís aeir ann i gcónaí d'Oileáin Árann agus leanfaidh mé orm chun an aidhm sin a bhaint amach feadh mo chumais.

Mar is eol don Aire Stáit, bhí cruinniú ag Comhairle Contae na Gaillimhe inné agus níl socrú ann go mbeidh Aerfort an Chairn Mhóir ar fáil d'aon chomhlacht faoi láthair. Caithfidh an tAire Stáit a bheith soiléir faoi seo. Tá an tseirbhís aeir laethúil ann ó Aerfort na Minne á réiteach ag Aer Arann. Dúirt an tAire Stáit go mbeidh seirbhís nua ann ó mhí Dheireadh Fómhair ach gur seirbhís héileacaptair a bheidh ann ag eitilt ó Aerfort an Chairn Mhóir ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe. Sin iad na rudaí a chuireann imní ar mhuintir na n-oileán. D'iarr an tAire Stáit ar Aer Arann leanacht leis an tseirbhís go dtí deireadh mhí Feabhra. An bhfuil an tAire Stáit in ann a rá inniu go leanfar leis an tseirbhís ag Aer Arann go dtí mí Feabhra? Cén uair a bheidh cinneadh ar an gceist seo? Ní dóigh liom gur thug an tAire Stáit freagra dom ar an gceist a chuir mé air. An mbeidh an tseirbhís aeir ann tar éis cúpla mí eile? An mbeidh sé ann tar éis mí Dheireadh Fómhair?

Go raibh maith agat arís. Tuigim go raibh cruinniú ann inné ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an próiseas beo i gcónaí. Ní mise ach an OGP atá freagrach as an bpróiseas, ach tá dualgas orainn uilig maidir leis an ceangal idir an mórthír agus na hoileáin. An chúis is tábhachtaí atá rómhainn ná leanúnachas na seirbhíse aeir chuig na hoileáin agus ó na hoileáin go dtí an mórthír a choinneáil. Sin an fáth go raibh an próiseas ar siúl.

Ar dtús, shíl mé go gcoinneodh muid an conradh leis an an tseirbhís aeir atá ann faoi láthair, mar sin an cloch is mó. Ach tháinig an OGP isteach i 2014 don phróiseas úr agus sin an chéad uair a tháinig an próiseas os mo chomhair sa Roinn. Fuarthas comhairle dlí soiléir ansin ón OGP agus ón Ard-Aighne maidir leis an bpróiseas, próiseas neamhspleách atá ar siúl i gcónaí. Tá aontú déanta maidir le cúraimí agus tá aontú déanta fá choinne leanúnachais don tseirbhís do na seachtainí romhainn idir an mórthír agus na hoileáin. Níl mé in ann freagra a thabhairt faoi láthair maidir le cén bealach a thógfaimid anois. Táim ag iarraidh spás agus am a thabhairt do m'oifigigh agus an OGP leis an gcinneadh sin a socrú.

An raibh cainteanna ag an Aire Stáit le Aer Arann nó an raibh cainteanna ag oifigigh na Roinne leis maidir le leanúnachas sa tseirbhís seo? Mar is eol don Aire Stáit, tá an tseirbhís aeir seo an-tábhachtach mar gheall ar chúrsaí oideachais, sláinte, spóirt, gnó agus gach seirbhís eile atá ar fáil. Caithfimid freagra a fháil ar an gceist seo go luath. An freagra a thug an tAire Stáit don Teachta Derek Nolan ná go raibh costas níos mó ann anois don tseirbhís aeir. Dúirt sé go raibh ardú 136% ann le deich mbliana anuas.

Ní dóigh liom go bhfuil an tAire Stáit ag plé le leanúnachas, cinnteacht agus minicíocht do na daoine ar na hoileáin maidir leis an tseirbhís seo. Níl aon pholasaí fadtéarmach ann. Níl aon rud ráite ag an Aire Stáit faoi sin. Tá daoine ag rá nach mbeidh seirbhís ann tar éis cúpla seachtain eile agus go mbeidh deireadh leis an tseirbhís aeir atá ann. Deir cinnlínte sna nuachtáin: "Minister is urged to clarify Aran Islands air service row." Caithfidh an tAire Stáit a bheith soiléir faoi seo mar tá an t-easpa soiléireachta ag cur imní ar mhuintir na n-oiléan.

Bhí plé idir Aer Arann agus na daoine ag plé leis an bpróiseas. Tuigim na deacrachtaí atá ann, go háirithe do na sealbhóirí éagsúla, mar shampla iad siúd atá i gceannasaíocht ar na hoileáin, iarratasóirí ag cur isteach tairiscintí agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá díospóireacht tábhachtach ar siúl agus tuigim na deacrachtaí atá ag baint leis sin.

Arís, níl mise freagrach as an bpróiseas agus sin an fhadhb atá agam. Tá an próiseas neamhspleách agus tá an OGP freagrach as an bpróiseas. Tá suim ag an Aire Stáit ann, ach níl mé lárnach sa phróiseas agus nílim ábalta eolas a lorg ón OGP. Ní bheidh baint agam leis an bpróiseas. Táim ag iarraidh spás agus am a thabhairt don díospóireacht atá ar siúl faoi láthair idir an OGP, an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus oifigigh mo Roinne. Feicim na deacrachtaí atá ann maidir leis an am gairid atá ann idir seo agus an Chéadaoin seo chugainn, lá deiridh an chonartha reatha.

Barr
Roinn