Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Cúram Leanaí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 November 2015

Tuesday, 10 November 2015

Ceisteanna (349)

Seán Kyne

Ceist:

349. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le bearta Bhuiséad 2016, cad iad na céimeanna atá á dtógáil chun a chinntiú go ndéanfar leathnú sásúil ar áiseanna cúraim leanaí do phobail Ghaeltachta [39557/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom dearbhú don Teachta Dála go bhfuil na bearta a d’fhógair mé mar chuid de Bhuiséad 2016 ar fáil ag gach soláthróir cúraim leanaí, iad siúd atá lonnaithe i bpobail Ghaeltachta san áireamh.

Faoi láthair soláthraíonn mo Roinn maoiniú de níos mó ná ceathrú billiúin euro go bliantúil le tacú le cur i bhfeidhm roinnt clár tacaíochta cúraim leanaí a chabhraíonn le tuismitheoirí chun go mbeadh teacht acu ar chúram leanaí d’ardchaighdeán. Áirítear i measc na gclár tacaíochta cúraim leanaí seo clár Cúraim agus Oideachais na Luathóige (COLÓ); trí (3) chlár Cúraim Leanaí Oiliúna agus Fostaíochta (CLOF) (i.e. clár Tacaíochta Oideachais agus Oiliúna Cúraim Leanaí (TOOCL), Cúram Leanaí Fostaíochta Pobail (CLFP) agus clár Cúram Leanaí Iarscoile (CLIS) ) agus clár Fóirdheontais Chúraim Leanaí Pobail (FCLP). Soláthraítear clár COLÓ agus cláir CLOF trí sheirbhísí príobháideacha agus trí sheirbhísí pobail/neamhbhrabúis araon, agus faoi láthair soláthraítear clár FCLP trí sheirbhísí pobail/neamhbhrabúis amháin.

Le linn an Bhuiséid 2016, d’fhógair mé pacáiste €85 milliún infheistíochta breise do réimse an chúraim leanaí. Tá san áireamh ann maoiniú do na rudaí seo a leanas:

- Síneadh le clár COLÓ, síneadh a chuirfidh ar chumas leanaí leas a bhaint as an soláthar réamhscoile saor in aisce ó aois a trí bliana go dtí go n-aistríonn siad chuig an mbunscoil;

- Sraith de thacaí, a chinnteoidh gur féidir le leanaí a bhfuil míchumas éigin orthu páirt shuntasach a ghlacadh i gclár COLÓ, agus gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as an gclár;

- Síneadh le clár FCLP faoi suas le 8,000 áit agus cur ar fáil an chláir seo, den chéad uair, trí sheirbhís phríobháideach ar fud na tíre; agus

- Acmhainn a chuirfidh ar ár gcumas tús a chur le hobair thábhachtach maidir le comhdhlúthú na gclár dírithe atá ann cheana a bhaineann le tacaíocht chúraim leanaí, lena n-áirítear cláir FCLP agus CLOF. Tá sé beartaithe go mbeidh clár nua dírithe simplithe a bhaineann le tacaíocht chúraim leanaí ar fáil trí sheirbhísí príobháideacha agus pobail/neamhbhrabúis ó 2017 ar aghaidh.

- Déanann Buiséad 2016 soláthar le haghaidh 8,000 áit bhreise chúraim leanaí faoi chlár Fóirdheontais Chúraim Leanaí Pobail (FCLP) a sholáthraíonn cúram leanaí ar phraghas réasúnta do theaghlaigh ísealioncaim. Beidh na háiteanna nua cúraim leanaí seo ar fáil trí sholáthróirí príobháideacha cúraim leanaí chomh maith le soláthróirí pobail/neamhbhrabúis den chéad uair. Beidh na háiteanna dírithe ar sholáthróirí príobháideacha i gceantair riachtanais aitheanta, agus mar nach bhfuil aon soláthróirí pobail/neamhbhrabúis ar fáil. Beidh mo Roinn ag comhoibriú go dlúth leis na Coistí Cúraim Leanaí áitiúla Cathrach agus Contae agus le Pobal le ceantair riachtanais a aithint agus táthar ag súil leis go mbeidh oiread de na háiteanna sin agus is féidir ar fáil faoi Mhí Mheán Fómhair 2016.

Barr
Roinn