Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 November 2015

Thursday, 12 November 2015

Ceisteanna (4)

Michael P. Kitt

Ceist:

4. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard atá beartaithe aici mar gheall ar aersheirbhís go dtí Oileáin Árann; an bhfuil sí sásta conradh nua aersheirbhíse a thosú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39717/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (6 píosaí cainte)

Tá ceist agam ar an Aire Stáit faoin aeirsheirbhís go hOileáin Árann. Nuair a chur mé ceist ar an Aire Stáit maidir le seo, bhí sé ag caint faoi sheirbhís héileacaptair. Is dóigh liom go bhfuil deireadh leis an gcaint sin anois. Tá muintir na n-oileán ag iarraidh freagraí ón Aire Stáit maidir leis an tseirbhís. Tá súil agam go mbeidh muid in ann níos mó eolais a fháil ón Aire Stáit faoin tseirbhís eitleán go dtí na hoileáin.

Beidh freagra ag an Teachta mar tá mé anseo. Is é an seasamh a bhí agam ón tús ná go raibh mé ag iarraidh go mbeadh seirbhís aeir ann i gcónaí d'Oileáin Árann le tacaíocht shuntasach airgeadais ón Rialtas, i gcomhréir leis an Rialachán AE maidir le seirbhísí aeir faoi oibleagáid seirbhíse poiblí. Is é sin an seasamh atá agam i rith an ama maidir leis an tseirbhís aeir. Le linn na tréimhse atá amach romhainn, beidh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana úr chun conradh ceithre bliana a aontú don tréimhse ó 1 Deireadh Fómhair 2016. Déanfar é seo i gcomhréir leis na riachtanais dhlíthiúla faoi na rialacha náisiúnta soláthair agus an Rialachán AE ábhartha. Chun cloí leis an Rialachán AE ábhartha, caithfear nóta eolais faoin bpróiseas tairisceana a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an AE faoin 30 Márta 2016.

Tá sé i gceist go mbeidh mo Roinn ag dul i ndáil chomhairle le pobal Oileáin Árann faoin bpróiseas tairisceana úr. Tá an próiseas sin tosaithe sa mhéid is gur pléadh an cheist ag cruinniú a bhí agam le Comhdháil Oileáin na hÉireann ar na mallaibh.

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh leanúnachas ann. Tá an tseirbhís seo go dtí na hoileáin níos mó ná 40 bliain ar bun. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an díospóireacht sin ann le muintir na n-oileán. Labhair an Teachta Éamon Ó Cuív faoi dhul i gcomhairle leis an HSE agus an Galway and Roscommon Education and Training Board, GRETB. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh an díospóireacht sin ann agus go mbeadh daoine in ann a rá leis an Aire Stáit go bhfuil níos mó ná aon tuairim amháin ann. Tá a lán daoine ag brath ar na cruinnithe sin.

Seirbhís leathúil a bhí ann ó Aerfort na Minne. Mar is eol don Aire Stáit, bhí plean ann go mbeadh an tseirbhís ar fáil ó Aerfort an Chairn Mhóir ar an taobh eile de chathair na Gaillimhe. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tAire Stáit in ann freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin.

Ag tús an scéil seo, an cloch is mó ar m'intinn ag an am ná an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin a choinneáil. D'ardaigh an Teachta Kitt cúpla ceist i rith na mbliana seo imithe thart. Bhí imní ar an Teachta ag an am agus imní ar na hoileánaigh fosta. Ach sin ráite, níl athrú ar bith ann ar na rudaí sin. Beidh mise, an Rialtas agus mo chuid oifigeach ag coimeád an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin. An rud is tábhachtaí a bhí ann maidir leis an bpróiseas ná sin an chéad uair a bhí an próiseas ag dul tríd an Oifig um Sholáthar Rialtais. Próiseas neamhspleách a bhí ann agus bhí an oifig sin freagrach as an bpróiseas. Ní raibh mise ábalta cur isteach ar an bpróiseas nó ábalta aon fhocal a rá le linn an phróisis. Sin na deacrachtaí a bhí ann ag an am. Is cinnte go raibh imní ar dhaoine na n-oileán agus b'fhéidir go bhfuil imní orthu fós, ach oibreoimid le chéile agus déanfaimid iarracht maidir leis na cruinnithe ábhartha éagsúla. Oibreoimid le muintir na n-oileán agus fanfaimid i dteagmháil leo amach anseo.

Is maith an rud go bhfuil an comhrá sin ar siúl ach tá sé an-tábhachtach go mbeadh polasaí fad-téarmach ann. Níl sé sásúil a bheith ag fáil amach go bhfuil an tseirbhís ar fáil ach ar feadh bliain amháin eile. Níl daoine sásta leis sin. Tá an tseirbhís seo an-tábhachtach ó thaobh cúrsaí oideachais, sláinte, spóirt agus gnó. Baineann sé le gach seirbhís. Nuair a bhí an tAire Stáit ag déanamh díospóireachta ar seo sa Dáil cúpla mí ó shin, labhair sé faoin gcostas a bhaineann leis an tseirbhís aeir. Níl sé ceart béim a chur ar an gcostas. Tá an tseirbhís ann ar feadh níos mó ná 40 bliain agus is ceart go leanódh sé.

Tá mé ar an leathanach céanna leis an Teachta. Bhí cruinniú agam le Comhdháil na nOileán cúpla seachtain ó shin. Chuala mé ag an gcruinniú sin go raibh cruinnithe ar siúl faoi scáth Chomhairle Contae na Gaillimhe le coiste os na hoileáin. Tá an Teachta Kitt ceart agus é ag iarraidh comhrá idir an comhairle contae agus an coiste sin. Tá coiste faoi scáth an chomhairle contae i dTír Chonaill. Níl a fhios agam cén stádas a bheidh ag an gcoiste agus é faoi scáth Chomhairle Contae na Gaillimhe. Le linn an díospóireacht atá ar siúl le cúpla mí anois, bhí 18 gcloigne oifigeach ón gcomhairle contae ar na hoileáin ag cruinnithe poiblí. Is rud dearfach é sin. Chomh maith leis sin, tá mé ag iarraidh an chomhrá idir Chomhairle Contae na Gaillimhe, muintir na n-oileán agus daoine a bhfuil seasamh ceannaireachta ar an oileán acu a choinneáil beo. Tá sé sin tábhachtach. Dá mbeadh aon eolas ar fáil, tá mise agus mo chuid oifigeach anseo. Táim ag iarraidh bualadh le muintir Árann amach anseo fosta.

Ón tús bhí mé ag iarraidh na haersheirbhíse agus an ceangal idir an mhórthír agus Oileáin Árann a choinneáil. Amach anseo, beidh an Rialtas agus mise, mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht, ag coinneáil agus ag cosaint an cheangail sin atá ann idir Oileáin Árann agus an mhórthír. Tá sé sin tábhachtach leis. Mar a dúirt an Teachta Kitt, ó thaobh an ETB, cúrsaí sláinte agus oideachais, tá achan rud tábhachtach ó thaobh an cheangail idir an mhórthír agus na hoileáin.

Barr
Roinn