Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt na nOileán

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2015

Wednesday, 16 December 2015

Ceisteanna (170)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

170. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil i bhfianaise na bhfreagraí a thug sé dom i dtaobh fhorbairt na cé ar Inis Oírr ar an 10ú lá de mhí Dheireadh Fómhair agus ar an 8ú lá de mhí na Nollaig, cén uair a bhfuil sé i gceist aige dul i mbun comhráití leis an Aire, Teachta Heather Humphreys; an ndéanfar é sin as seo go ceann míosa; an bpléifear maoiniú an togra mar cheist le linn na gcomhráití sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [45613/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon athrú ó fhreagra an 8ú lá de mhí na Nollag uaim i dtaobh fhorbairt na Cé ar Inis Oírr faoin gClár Bonneagair agus Infheistíochta Caipitil, 2016-2021.

Barr
Roinn