Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Clár Forbartha Tuaithe

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2015

Wednesday, 16 December 2015

Ceisteanna (196)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

196. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bhfuil sé i gceist aici go gcasfaidh an tAire Stáit McHugh le hionadaithe ó phobal Inis Meáin, mar atá geallta aige, chun forbairt Ché an Chalaidh Mhóir a phlé leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45614/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Cé an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin. É sin ráite, tá mé sásta, ar ndóigh, bualadh le toscaireacht ón oileán maidir leis an gcé ach dáta do chruinniú dá leithéid a aontú leo. Tá sé sin curtha in iúl agam d'ionadaithe Inis Meáin.

Barr
Roinn