Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 20 January 2016

Wednesday, 20 January 2016

Ceisteanna (140)

Dinny McGinley

Ceist:

140. D'fhiafraigh Deputy Dinny McGinley den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a chuirfear tús le foirgneamh úr a chur ar fáil i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2372/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá an tionscadal maidir le foirgneamh nua scoile a chur ar fáil, don scoil dá dtagraítear, san áireamh sa Chlár Tógála 6 Bliana a d'fhógair mé ar 17ú Samhain seo caite, agus tá sé liostaithe le dul ar aghaidh chun tairisceana agus tógála sa tréimhse 2019-21. Beidh mo Roinn i dteagmháil le húdaráis na scoile sa todhchaí luath maidir leis an tionscadal scoile a chur chun cinn go dtí an próiseas pleanála ailtireachta.

Barr
Roinn