Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Ceisteanna (856)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

856. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5817/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá curtha in iúl dom gurbh ionann líon iomlán na mball foirne fostaithe i mo Roinn ar an 31 Márta agus 591 (571.10 lánaimseartha). Sa tábla thíos tugtar achoimre ar na 57 bpost atá ainmnithe faoi láthair mar phoist a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag baint leo;

Aonad Gnó

Líon na Foirne Reatha

Rannán na Gaeltachta agus Rannán na nOileán*

27

Rannán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht*

17

An Brainse Logainmneacha*

5

Oifig an Aire Stáit do Chúrsaí Gaeltachta*

3

An Phreasoifig (an Preasoifigeach agus an Preasoifigeach Cúnta)

2

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha (Treoraí Oideachais)

1

Aistriucháin

2

*gach post

Anuas ar na poist i mo Roinn, tá baill foirne ar iasacht freisin in Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá 6 ball foirne san oifig sin faoi láthair ata inniúil sa Ghaeilge.

Cuireann baill foirne i rannáin eile de chuid mo Roinne seirbhísí ar fáil i nGaeilge i bpoist nach bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge sonraithe mar riachtanas dóibh.

Déantar athbhreithniú rialta ar an líon foirne i bhfianaise riachtanais ghnó a thagann chun cinn, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le hinniúlacht sa Ghaeilge, mar a léirítear i bpróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre.

Barr
Roinn