Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2016

Tuesday, 18 October 2016

Ceisteanna (130, 131)

Peadar Tóibín

Ceist:

130. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Taoiseach cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30062/16]

Amharc ar fhreagra

Peadar Tóibín

Ceist:

131. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Taoiseach an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30063/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 130 agus 131 le chéile.

Ba cheart a thabhairt ar aird go mbaineann formhór obair mo Roinne leis an Rialtas, le Ranna Rialtais agus le Gníomhaireachtaí eile Rialtais. Mar thoradh air sin, ní bhíonn aon éileamh mór ag an bpobal ar ár gcuid seirbhísí i nGaeilge.

É sin ráite, aithníonn mo Roinnse an tábhacht atá le roinnt ball foirne a bheith sa Roinn atá líofa sa Ghaeilge agus atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Go deimhin, deirtear i gCairt Chustaiméirí mo Roinne go ndéanfar freastal ar chustaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá curtha in iúl ag roinnt ball foirne atá ag obair i mo Roinn go bhfuil siad inniúil sa Ghaeilge agus go bhfuil siad in ann leibhéil éagsúla seirbhíse a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Tá cúigear ball foirne sainaitheanta chun an tseirbhís seo a chur ar fáil.

Ag teacht le beartas an Rialtais, sonraítear i Scéim Teangacha Oifigiúla mo Roinne 2016-2019 (faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla) dhá Phost a bhfuil Gaeilge ag teastáil ina leith - ceann amháin i m'Oifig Phríobháideach agus ceann eile i bPreas-Oifig an Rialtais. Tá an dá phost líonta faoi láthair.

Barr
Roinn