Mar is eol don Teachta Dála, sa bhliain 2014, cheadaigh an Rialtas cur chuige nua chun tacú le cumas Gaeilge sa státseirbhís.
Faoin gcur chuige nua seo tá bearta curtha i bhfeidhm chun deireadh a chuir leis an bpolasaí maidir le marcanna bónais a bhronnadh as inniúlacht Ghaeilge in earcaíocht agus i gcomórtais d'arduithe céime sa státseirbhís nach raibh dírithe ar na spriocanna teanga atá leagtha amach ag an rialtas.
Faoin gcur chuige nua, tá bearta á dtabhairt isteach chun an cohórt de dhaoine dátheangacha feidhmiúla sa státseirbhís a mhéadú a fhéachann le líon na ndaoine dátheangacha atá feidhmiúil sa Ghaeilge i leith earcaíochta agus, nuair is cuí, i leith comórtais d'arduithe céime, atá bunaithe ar inniúlacht.
Ó thaobh Pleanála Fórsa Oibre do na Ranna go léir, beidh sé riachtanach go sonrófar i bpleananna fórsa oibre gach Roinn amach anseo na poist/réimsí oibre ina mbeidh daoine dátheangacha feidhmiúla ag teastáil. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 na poist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó ag freastal ar na ceantair sin.
Beidh an próiseas sin lárnach i gcinntiú go ndéanfar foráil dóthanach i gcomórtais earcaíochta agus arduithe céime idir-Rannacha a bheidh á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn daoine dátheangacha feidhmiúla. I gcás comórtais earcaíochta agus arduithe céime Rannacha, déanfar measúnú ar an riachtanas do dhaoine dátheangacha feidhmiúla agus, nuair is gá agus is cuí, cuirfear fo-phainéal de dhaoine dátheangacha feidhmiúla ar bun.
Chuireadh na socrúcháin nua i bhfeidhm in áit an scéim maidir le marcanna bónais a bhronnadh as inniúlacht Ghaeilge, a chuireadh i bhfeidhm daichead bliain ó shin nuair a chuireadh deireadh le Ghaeilge éigeantach do phost sa Stáit Seirbhís.
Faoi na socraithe seo, nuair atá Gaeilge riachtanach don bpost, líonfar é le daoine dátheangacha feidhmiúla.