Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 October 2016

Thursday, 20 October 2016

Ceisteanna (22)

Peadar Tóibín

Ceist:

22. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéad scéim teanga atá séanta aici. [31133/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá na forálacha a bhaineann le scéimeanna a dhaingniú sonraithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Maidir le dualgas an Aire i dtaca le scéim a dhaingniú, forálann alt 14(1) den Acht mar a leanas: "Ar chomhlacht poiblí do thíolacadh dréacht-scéime don Aire, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile lena n-áirítear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, an dréacht-scéim a dhaingniú gan leasú nó fara cibé leasuithe is cuí leis nó léi."

Ón uair a tháinig an tAcht i bhfeidhm, tá dul chun cinn céimnithe déanta chun scéimeanna teanga a dhaingniú. Go dáta, tá 115 scéim teanga i bhfeidhm, a chlúdaíonn 118 comhlacht poiblí, agus tá plé gníomhach ar siúl le 126 comhlacht eile.

Ar ndóigh, tá sé aitheanta go bhfuil dúshláin ag baint leis an phróiseas chun scéimeanna teanga a aontú, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú fós ar acmhainní. Bíonn comhoibriú dearfach agus plé gníomhach idir mo Roinnse agus na comhlachtaí poiblí nó páirtithe leasmhara eile a bhíonn i mbun dréachtscéimeanna a ullmhú. Tá an nósmhaireacht ann go mbíonn idirphlé cuimsitheach curtha i gcrích idir mo Roinn agus an comhlacht poiblí sula ndaingnítear aon scéim teanga ar leith. Sa chomhthéacs sin, ní raibh gá le scéim a shéanadh nó a dhiúltú go dáta.

Barr
Roinn