Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 October 2016

Tuesday, 25 October 2016

Ceisteanna (380)

Fergus O'Dowd

Ceist:

380. D'fhiafraigh Deputy Fergus O'Dowd den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí freagra ar na ceisteanna a chuir Conradh na Gaeilge uirthi faoin mBuiséad (ríomhphost ina bhfuil na ceisteanna tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31782/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a chuir mé in iúl i mo fhreagra ar cheist Dála 331 ar 11 Deireadh Fómhair 2016, bhí cruinniú agam féin agus ag an Aire Humphreys le Conradh na Gaeilge ag tús na míosa agus tá mé ag súil le cruinniú eile a shocrú leo go luath.

Caithfidh mé a threisiú go bhfuil beagnach €60m curtha ar fáil sna Meastacháin 2017 do mo Roinn don chlár Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, maoiniú don bhForas Teanga san áireamh. Ní miste a mheabhrú arís gurb í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn an buiséad d'Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht den bhforas trasteorann, An Foras Teanga.

Ní miste dom a mheabhrú don Teachta chomh maith go bhfuil suim bhreise de €2.25m san iomlán curtha ar fáil i mBuiséad 2017 do Chlár Gaeilge, Gaeilge agus Oileánda mo Roinne.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, bhí €1m breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn gurb é €6.687m an bunlíne nua caipitil i mBuiséad 2017 d'Údarás na Gaeltachta, €1m níos airde ná an bunlíne i mBuiséad 2016. Anuas ar sin, tá allúntas breise de €2.4m i gcaipiteal á chur ar fáil agam don Údarás in 2016. Leanfaidh mé orm ag lorg mhaoiniú caipitil breise don Údarás sa tréimhse amach romhainn.

Maidir le caiteachas reatha de, cuirfidh an tsuim bhreise de €1.25m a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus Ghaeltacht faoi Bhuiséad 2017 ar chumas mo Roinne tuilleadh acmhainní a chur i dtreo na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga, na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar nós Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus na grúpaí pobail atá á maoiniú ag Údarás na Gaeltachta.

Tuigfidh an Teachta gur plean uaillmhianach atá curtha le chéile ag na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta i ndáil le hollmhaoiniú breise de thart ar €5m in 2017 agus €30m thar an tréimhse 2018-2019. Sa chomhthéacs sin, tig leis an Teachta glacadh leis go leanfaidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise don earnáil Gaeilge agus Gaeltachta, laistigh den oll-sholáthar airgeadais atá ar fáil don Rialtas.

Barr
Roinn