Tá cuid de na bailte fearainn sa Thoghroinn Cheantair atá luaite ag an Teachta laistigh den Ghaeltacht. Sa chás sin, is féidir go mbeadh cúnamh nó comhairle ar fáil ó Údarás na Gaeltachta, a bhfuil scéim ar leith acu chun tacú le heagraíochtaí agus le coistí i ndáil le ranganna Gaeilge a eagrú sa Ghaeltacht.
Más ranganna lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta atá i gceist, is féidir go mbeadh cúnamh nó comhairle ar fail ó Fhoras na Gaeilge agus ó na ceanneagraíochtaí cuí faoina scáth, eadhon, Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Glór na nGael.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí thuasluaite ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas: Údarás na Gaeltachta, www.udarasnagaeltachta.ie; Foras na Gaeilge, www.forasnagaeilge.ie; Conradh na Gaeilge, www.cnag.ie; Gael-Linn, www.gael-linn.ie; Glór na nGael, www.glornangael.ie.