Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Friday - 16 December 2016

Friday, 16 December 2016

Ceisteanna (293)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

293. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas déanta chuig Comhairle Contae na Gaillimhe dul ar aghaidh leis an bpleanáil ar an gcead chéim eile de Chéibh an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin. [40596/16]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, bhí cruinniú agam le hionadaithe poiblí an cheantair, le hoifigigh ó mo Roinn féin agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe i láthair, ag ar pléadh forbairt ar Chéim III de Ché an Chalaidh Mhóir.

Ar ndóigh, tagann cúram na cé seo faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus, mar is eol don Teachta, níl na hacmhainní ar fáil don Chomhairle Céim III den fhorbairt a thosú. Mar is eol don Teachta chomh maith, is é forbairt Ché Inis Oírr an tosaíocht atá ag mo Roinnse maidir le forbairt chéanna Oileáin Árainn agus níl na hacmhainní aici, i láthair na huaire, tabhairt faoi fhorbairt ar Chéim III de Ché an Chaladh Mhóir.

Barr
Roinn