Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 February 2017

Wednesday, 8 February 2017

Ceisteanna (190)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

190. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist 30 scoláireacht bhreise a thabhairt le haghaidh scoilbhliain 2017-2018 faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge do scoileanna ar na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6192/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá scoláireachtaí á gcur ar fáil ag an Roinn ó 2007 i leith chun daltaí meánscoile ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht a choinneáil ar iostas i dtithe atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar na hoileáin Ghaeltachta. Ar na hOileáin Árann, is iad Coláiste Ghobnait in Inis Oírr, Coláiste Naomh Eoin in Inis Meáin agus Gairm Scoil Éinne in Árainn na scoileanna atá páirteach sa scéim. Íoctar deontas laethúil de €27 le teaghlaigh aitheanta faoin scéim a choinníonn daltaí ar iostas fad a bhíonn siad ag freastal ar mheánscoil an oileáin.

Tá dhá theaghlach déag ag cur lóistín ar fáil in Árainn do na daltaí atá páirteach sa scéim. Is iad na scoileanna féin a dhéanann earcaíocht ar na daltaí, a roghnaíonn na tithe lóistín agus atá freagrach as na daltaí, fad a bhíonn siad ar na hoileáin.

Déantar athbhreithniú ar an scéim go rialta. Cuirtear nithe éagsúla san áireamh mar chuid de na hathbhreithnithe sin, lena n-áirítear an t-éileamh ó na meánscoileanna ar na hoileáin agus an tionchar a d'fheadfadh líon mór daltaí ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht a imirt ar theanga phobail na meánscoileanna agus ar theanga phobal na n-oileán féin.

Ag eascairt as an athbhreithniú deiridh a déanadh ar an scéim, tógadh cinneadh go leanfaí leis ar feadh tréimhse trí bliana eile - sé sin go dtí deireadh na scoilbhliana 2018/2019 agus gur uasmhéid de 30 scoláire a bheadh i gceist ar Oileáin Árann.

Sílim gur scéim mhaith í seo a fheidhmíonn go héifeachtach ar scála beag mar go gcaithfear bheith cúramach nach n-athróidh líon mór daltaí nach cainteoirí dhúchais Gaeilge iad nósanna teanga na scoileanna ar a mbíonn siad ag freastal. É sin ráite, tá an cás le haghaidh méadaithe bhig ar líon na scoláireachtaí atá ar fáil faoin scéim don scoilbhliain 2017/2018 á bhreithniú agam ar bhonn eisceachtúil faoi láthair.

Barr
Roinn