Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 March 2017

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna (45)

Peadar Tóibín

Ceist:

45. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ós rud é gur léiríodh sa tuarascáil is déanaí ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, breis is bliain i ndiaidh í a chur le chéile, go bhfuil bac ar dhul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge de bharr easpa monatóireachta, céard a dhéanfaidh an tAire chun an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go bhfuil maoirseacht á déanamh ar an straitéis agus go bhfuil cuspóirí beachta leagtha amach, le hamscála soiléir agus sprioc-am luaite le gach gníomh, mar atá molta sa tuarascáil; cathain a chuirfear sin i gcríoch; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11763/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtús báire, mar atá ráite agam sa Seanad le déanaí, measaim gur gá a aithint gur le linn na géarchéime eacnamaíoch is measa a bhuail an Stát riamh a lainseáladh an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030. Ainneoin na gcúinsí deacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge ag feidhmiú, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Go deimhin, creidim go bhfuil éacht déanta leis an méid den Straitéis atá bainte amach sa chéad sé bliana dá saolré.

Sin ráite, mar is eol don Teachta, eagraíodh díospóireacht oscailte faoin Straitéis i mí na Nollag 2015. Ceapadh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ag an am le tuairisc maidir leis an díospóireacht oscailte agus na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse amach romhainn a chur i dtoll a chéile. Tá an tuairisc seo curtha faoi bhráid an Choiste Comhairligh a bunaíodh chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise. Agus tuairimí agus moltaí an Choiste a bheith faighte ina leith, tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022, ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn agus á fhoilsiú faoi lár na bliana seo.

Barr
Roinn