Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 April 2017

Thursday, 13 April 2017

Ceisteanna (219)

Aindrias Moynihan

Ceist:

219. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfidh sí faisnéis ar fáil i bhfoirm tábla maidir leis an leibhéal maoinithe a dáileadh ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge go bliantúil thar an tréimhse 2014-2016 agus maidir leis an leithdháileadh maoinithe le haghaidh 2017; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19017/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe le tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus leis an bpróiseas pleanála teanga mar a leagtar amach é in Acht na Gaeltachta 2012, cuireadh soláthar airgid faoi leith ar fáil sna blianta 2014-2017 briste síos mar seo a leanas:

2014

2015

2016

2017

€499,000

€546,000

€1,000,000

€1,250,000

De thoradh an ardaithe in 2017, fágfaidh sé go mbeidh sé ar chumas mo Roinne leanúint ar aghaidh agus raon leathan bearta faoi leith a thacóidh ar bhealach praiticiúil le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis phleanála teanga araon a mhaoiniú in 2017. Chuige sin, d'fhógair mé le gairid go raibh allúntais gur fiú €735,000 ceadaithe agam d'Údarás na Gaeltachta agus €115,000 d'Fhoras na Gaeilge chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn. Mar thoradh ar an allúntas sin, beidh ar chumas Údarás na Gaeltachta:

- Tús a chur le feidhmiú pleananna i suas le 13 limistéar sa Ghaeltacht;

- Tacú le fostú Oifigeach Gaeilge le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú phlean teanga i ngach limistéar.

- Tús a chur leis an bpróiseas sa trí Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta atá fanta: Bearna agus Cnoc na Cathrach, Oirthear Chathair na Gaillimhe agus an tEachréidh.

- An próiseas a bhrú chun cinn mar a bhaineann sé le hullmhú pleananna teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: Daingean Uí Chúis, Béal an Mhuirthead agus An Clochán Liath.

Ina theannta sin, beidh ar chumas Fhoras na Gaeilge:

- Tús a chur le próiseas ullmhúcháin na mBailte Seirbhíse Gaeltachta i gCathair na Gaillimhe, i gCathair Chorcaí, i Leitir Ceanainn, i dTrá Lí agus i nDún Garbhán chomh maith leis na Líonraí Gaeilge i gCluain Dolcáin, Inis, Co an Chláir agus Baile Loch Riach, Co na Gaillimhe a bhrú chun cinn.

Beidh an fuílleach den €1.25m á chaitheamh ag mo Roinn i mbliana ar bheartais ar leith san earnáil dhigiteach chun cabhrú le cur i bhfeidhm na Straitéise.

Is mian liom a chur in iúl don Teachta chomh maith nach bhfuil an chistíocht atá curtha ar fáil ón Státchiste chun an Straitéis 20-Bliain a chur i bhfeidhm teoranta don mhaoiniú atá luaite sa tábla thuas. Is tionscadal tras-Rialtais í an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge a bhfuil réimsí seirbhísí Stáit luaite inti. San áireamh anseo, tá na scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta uile atá á riaradh ag mo Roinn fhéin, ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta chomh maith le seirbhísí chuimsitheacha an stáit, in earnálacha an oideachais, an luathoideachais agus an chraolacháin ach go háirithe.

Barr
Roinn