Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Riachtanas Speisialta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2017

Thursday, 13 July 2017

Ceisteanna (293)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

293. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar rang speisialta i scoil (sonraí tugtha) do dhaltaí le huathachas, ar rang é a bhfuil iarratas déanta air; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34157/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Geallann an Roinn seo a chinntiú go mbeidh fáil ag gach leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici nó aige, páistí ar speictream an uathachais san áireamh, ar oideachas atá oiriúnach dá gcuid riachtanas, i suíomhanna scoile de rogha, trí líonra na mbunscoileanna agus n-iar-bhunscoileanna.

Tugann socrúcháin den sórt sin fáil ar chláir oideachais aonair a fhéadann leas a bhaint as idirghabhálacha oiriúnacha oideachais, a chuireann múinteoirí gairmiúla lánoilte ar fáil, le tacú ó Chúntóirí Speisialta Oideachais agus an curaclam cuí scoile.

Is í an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, trína líonra d’Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais áitiúla, i gcomhar leis na comhpháirtithe cuí oideachais, atá freagrach as ranganna speisialta a bhunú i gceantair éagsúla tíreolaíocha mar a n-aithnítear riachtanas ar leith.

Is cuid de chontanam an tsoláthair oideachais iad ranganna speisialta agus cuireann siad ar chumas daltaí a bhfuil riachtanais oideachais níos casta acu oideachas a fháil, i ngrúpaí beaga ranga, laistigh de scoileanna príomhshrutha. Oireann na ranganna seo do dhaltaí iad a moltar ina dtuairiscí gairmiúla áit i rang speisialta a thabhairt dóibh.

Sula n-iarrtar ar scoil rang speisialta a bhunú, nó aird a thabhairt ar iarratas ó scoil le haghaidh rang speisialta, ní mór don Eagraí Náisiúnta Oideachais Speisialta a bheith sásta go bhfuil an rang inbhuanaithe agus suite go hoiriúnach ag cur san áireamh an riachtanas atá ann agus an riachtanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa cheantar.  Lena chois sin, cuirfidh an SENO cóiríocht na scoile agus fáil an phobail ar an scoil san áireamh.  

Tá os cionn 1,150 rang speisialta i scoileanna príomhshrutha ar fud na tíre faoi láthair agus tá ranganna breise speisialta beartaithe don scoilbhliain seo chugainn. 

Ní féidir i gcónaí a chinntiú go mbeidh áit i rang speisialta ar fáil i scoil áitiúil an linbh, ach is féidir le scéim iompair scoile mo Roinne cóir iompair a chur ar fáil do leanaí atá ag freastal ar an scoil aitheanta is gaire mar ar féidir acmhainní a chur ar fáil chun a gcuid riachtanas speisialta oideachais a chomhlíonadh.

Tá roinnt ranganna speisialta bunaithe ag an gComhairle i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Gheofar liosta iomlán na ranganna speisialta ar shuíomh gréasáin na Comhairle ag www.ncse.ie/special-classes

Faoi láthair níl gá rang speisialta do pháistí ar speictream an uathachais a bhunú sa cheantar a dhéanann an Teachta tagart dó.

Ach is próiseas leanúnach é seo, agus má aithníonn an CNOS gá le breis aiteanna i ranganna speisialta sa cheantar sin, rachaidh sé i gcomhairle le gach scoil sa cheantar maidir le rang speisialta do pháistí ar speictream an uathachais a oscailt.

Léafaidh mo Roinn ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don CNOS ag oscailt ranganna speisialta do pháistí ar speictream an uathachais in aiteanna atá gá sainaitheanta.

Tá Scéim Aitheantais Scoile na Gaeltachta, a seoladh i 2017, bunaithe ar chritéir airithe teanga a chur i ngníomh laistigh de thréimhse cúig bliana. Faoin scéim seo, is í an Ghaeilge a bheidh mar theanga theagaisc i ngach ábhair, seachas Béarla (agus teangacha iasachta in iar-bhunscoileanna) sna scoileanna sin atá rannpháirteach sa scéim.   Ba chóir d’oideachas Gaeilge den sórt sin soláthar a dhéanamh do riachtanais gach dalta, lena n-áirítear daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.  Ba chóir do scoileanna a oibríonn trí mheán na Gaeilge tacaíocht bhreise teagaisc a chur ar fáil, más gá, chun tacú le litearthacht leanaí sa Ghaeilge.

Sna scoileanna sa scéim ina gcleachtar an tumoideachas luath (scoileanna nach múintear aon Bhéarla iontu i ranganna na naíonán), ba chóir tacaíochtaí a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge ar leibhéal na naíonán don Ghaeilge agus don Mhatamaitic, agus trí mheán an Bhéarla don Bhéarla ó rang a haon ar aghaidh.

Meabhraítear do scoileanna gur gá an aird chéanna a thabhairt ar  fhorbairt inniúlacht litearthachta na ndaltaí sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, de réir riachtanais oideachais na ndaltaí, i gcomhthéacs an oideachais Ghaeilge.  Ní mór do scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa scéim nádúr deacrachtaí leanaí agus riachtanais speisialta oideachais na ndaltaí a chur san áireamh agus idirghabhálacha cuí á roghnú. Mar shampla, i gcás ina bhfuil riachtanas breise oideachais ag leanaí, is féidir an tacaíocht fhorlíontach a chuireann scoileanna ar fáil do na leanaí sin a bheith i nGaeilge nó i mBéarla, nó i meascán den dá theanga, faoi mar a mheasann an scoil a bheith riachtanach chun tacú le foghlaim na leanaí.

Gheofar eolas mionsonraithe ar an Scéim agus paca eolais ar bhuntáistí oideachasúla an tumoideachais chomh maith le sonraí ina dtacaíochtaí breise do scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim ar shuíomh gréasáin na Roinne ag Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta (www.education.ie).

Gheofar i gCiorclán 0013/2017 agus na Treoirlínte foilsithe do Bhunscoileanna: tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna príomhshrutha atá forbartha ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, an Chigireacht agus an Rannán Oideachais Speisialta tuilleadh eolais ar conas is féidir le scoileanna riachtanais foghlama daltaí i scoileanna Gaeilge sa Ghaeltacht a aithint agus a chomhlíonadh.

Barr
Roinn