Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na gCúntóirí Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 January 2018

Tuesday, 16 January 2018

Ceisteanna (1844)

Peadar Tóibín

Ceist:

1844. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a fhoilseofar torthaí an athbhreithnithe a rinne an Rialtas ar éifeachtacht scéim na gcúntóirí teanga chun fiosrú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann do leathnú agus do sheirbhís ar chaighdeán níos airde, a bhí le tosú ó Ráithe 4 2017 de réir an pholasaí don Oideachas Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54819/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

D’fhonn Scéim na gCúntóirí Teanga a threisiú i gcomhthéacs chur bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga mar atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta, 2012, tá mo Roinn chun tabhairt faoi Athbhreithniú ar an scéim.

Tá bailchríoch á cur i láthair na huaire leis an obair chun Iarratas ar Thairiscintí a réiteach, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, ar mhaithe le sainchomhairleoirí a fhostú chun tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an Scéim.  Táthar ag súil go bhfoilseofar an tIarratas ar Thairiscintí sna seachtainí amach romhainn.

Barr
Roinn